Scéim na bhFáinní 2026
Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara an Chéad Ghrúpa Daltaí ar bronnadh Fáinní Gaeilge orthu
18 Bealtaine 2026: Bhí lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara Fáinní Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí rang a sé i Scoil Náisiúnta Cheárach, le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge, mar chuid de Scéim na bhFáinní 2026.
Ba iad na daltaí seo an chéad ghrúpa a ghnóthaigh Fáinní faoin scéim seo a bhfuil sé mar aidhm aici úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc daltaí i rang a sé. Chun Fáinne a bhaint amach, ní mór do dhaltaí tionscadal a chur i gcrích trí Ghaeilge, agus ina dhiaidh sin bronntar a gcuid Fáinne Gaeilge orthu agus faigheann a scoil Teastas Scéim na bhFáinní. Pionna is ea an Fáinne Gaeilge, a d’fhorbair Conradh na Gaeilge beagnach 100 bliain ó shin, agus a léiríonn nasc leis an nGaeilge. Nuair a chaitear an Fáinne, léiríonn daoine go gníomhach gur mhaith leo labhairt as Gaeilge.
Agus na Fáinní Gaeilge á mbronnadh ar na ndaltaí i Scoil Náisiúnta Cheárach, dúirt an Comhairleoir Noel Connolly agus Cathaoirleach Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara: “Bímse ag déanamh imní faoinár dteanga ach, agus mé ar cuairt anseo i Scoil Náisiúnta Cheárach inniu, agus ag bualadh libh go léir agus ag féachaint dom ar bhur dtionscadail iontacha ar Logainmneacha, Méimeanna, Seanfhocail agus Aistí, mothaím dóchas maidir le todhchaí na Gaeilge…go bhfuil ár dteanga slán sábháilte, go bhfuil an Ghaeilge beo agus slán, agus go mbeidh sí mar chuid dár dtodhchaí. Dá bhféadfainn beagán comhairle a chur oraibh maidir leis an nGaeilge, is dócha gurb í seo í: Bainigí úsáid as ‘Cúpla Focal Gaeilge’ gach lá mar ní bhaineann ár dteanga le Seachtain na Gaeilge amháin. Comhghairdeas libh go léir. Tá obair na gcapall déanta agaibh agus tá an-áthas orm na Fáinní Gaeilge seo a bhronnadh oraibh.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scéim na bhFáinní agus conas mar is féidir le bunscoileanna ar fud an chontae páirt a ghlacadh sa scéim, tabhair cuairt ar:
Suíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara ag https://kildarecoco.ie/ga/
Nó eile, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara ar 045 980941 nó trí ríomhphost chuig teangbheo@kildarecoco.ie nó ogilo@kildarecoco.ie
————————————————————————————————————————————————————
Kildare County Council Announces First Recipients of Fáinní Gaeilge
18th May 2026: Kildare County Council, supported by Cill Dara le Gaeilge and Conradh na Gaeilge, were delighted to present Fáinní to Gaeilge to the sixth-class pupils in Caragh National School, as part of Scéim na bhFáinní 2026.
The students were the first to receive Fáinní under the scheme, which aims to encourage the use of Irish amongst sixth class pupils. To qualify, students must complete a project through Irish, after which they are awarded their Fáinne Gaeilge and their school receives a Scéim na bhFáinní Certificate. The Fáinne Gaeilge, developed almost 100 years ago by Conradh na Gaeilge, is a ring-shaped lapel pin signifying a connection to the Irish language. By wearing the Fáinne, people actively demonstrate an interest in speaking in Irish.
Presenting the Fáinní Gaeilge to the pupils in Caragh National School, Councillor Noel Connolly and Chair of Kildare County Council’s Irish Language Committee said: “I worry about our language but coming to Scoil Náisiúnta Cheárach today, meeting all of you and seeing your brilliant projects on Logainmneacha (Placenames), Méimeanna (Memes), Seanfhocail (Proverbs), and Aistí (Essays), it gives me hope for the future of the Irish language…that our language is in safe hands, that Gaeilge is alive and well, and that it will be part of our future. If I could give you some little bit of advice when it comes to Irish, it’s this: to use ‘Cúpla Focal Gaeilge’ (a few words of Gaeilge) gach lá, (every day), and that our language is not just for Seachtain na Gaeilge. Congratulations to you all. Comhghairdeas libh ar fad! Tá obair na gcapall déanta agaibh agus tá an-áthas orm na Fáinní Gaeilge a bhronnadh oraibh.”
To find out more about Scéim na bhFáinní and how primary schools across the county can participate in the scheme, visit:
Kildare County Council’s website at https://kildarecoco.ie/ga/
Alternatively contact Kildare County Council’s Irish Language Officer on 045 980941 or via e-mail at teangabheo@kildarecoco.ie or ogilo@kildarecoco.ie