An raibh a fhios agat gur féidir leat do ghnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge? Tá Cill Dara le Gaeilge anseo le cabhrú leat sin a dhéanamh! Níl le déanamh ach clárú le scéim gnó Gaeilge an chontae, Gnó Chill Dara. Tá an scéim go hiomlán saor in aisce, agus tá fáilte roimh gach cineál gnó, is cuma cé mhéad Gaeilge atá agat.Tacóimid leat ar do thuras teanga…
Did you know that you can promote your business through the use of the Irish language? Cill Dara le Gaeilge is here to help! Register with the county’s Irish- language business scheme, Gnó Chill Dara. The scheme is completely free to join and open to all types of businesses, no matter how much Irish you have. We will support you on you business’s journey with the Irish language…
Eolas do Ghnóthaí | Info for Businesses
Níl costas ar ghnóthaí an tseirbhís seo a úsáid ach bheadh fáilte roimh deontas chun tacaíocht a thabhairt dúinn (thíos) is go mbeadh muid in ann an tseirbhís a fheabhsú.
D’oibrigh Gaelchultúr in éineacht le Amárach Research chun scrúdú a dhéanamh ar an luach tráchtála a chuireann tomhaltóirí ar an nGaeilge in iarrachtaí brandála agus margaíochta.
Níl anseo ach cuid de na torthaí:
Féach ar thorthaí an tsuirbhé ina n-iomláine thíos!
Gaelchultúr partnered with Amárach Research to examine the commercial value consumers place on the Irish language in branding and marketing efforts.
Here are just some of the findings:
Check out the survey findings in their entirety below!
Aithníonn Gradam Gnó ó Ghlór na nGael gnólachtaí ar fud na hÉireann atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó chun seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí agus do chliaint.
Tá trí réimse gnó ann do rannpháirtithe sa scéim Gradam Gnó: míondíoltóirí, mórdhíoltóirí, agus gnónna tráchtála stáit.
De réir mar a bhaineann gnólachtaí rannpháirteachta spriocanna gníomhaíochta réamh-chomhaontaithe amach, bronnfar trí leibhéal gradam orthu: Cré-Umha, Airgead agus Ór. Bronnfar na gradaim maidir le leibhéal na ngníomharatha atá déanta ag an gcuideachta: 35% a bhainfeadh Gradam Cré Umha; 55% a ghnóthódh Gradam Airgid; agus marcanna níos airde ná 80% a thuillfeadh Gradam Óir.
Déanfar trí chatagóir gníomhaíochtaí á thomhais sa phróiseas measúnaithe do ghradaim: Comharthaíocht, Brandáil & Margaíocht, Seirbhís Ghaeilge do chustaiméirí agus do chliaint.
Gradam Gnó, a national scheme from Glór na nGael, recognises businesses throughout Ireland, which use Irish as part of their business or who provide services through Irish for their customers and clients.
The award scheme is divided by three business type: small businesses, larger businesses and state funded business groups/state sector bodies.
As participating businesses reach pre-agreed language service targets over time three types of recognition may be awarded: Bronze, Silver and Gold. The awards will be judged with regard to the level of actions reached by the participating company: 35% will be awarded a Bronze standard; 55% will be awarded a Silver standard and 80% or above will be awarded the Gold Standard.
Marks will be allocated in three categories: Signage; Branding & Marketing; Services through Irish to customers and clients.