Kildare Irish Language Conference

Meitheal Chill Dara

Meitheal Chill Dara 2024

Tháinig pobal na Gaeilge i gContae Chill Dara lé chéile dá gcúigiú teacht le chéile bliantúil ar an 2 Márta in Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Dara. Tugann Meitheal Chill Dara deis gach bliain do dhaoine a bhfuil suim sa Ghaeilge acu bualadh le chéile agus taithí agus smaointe a roinnt.

Is dírithe ar phleanáil teanga i gContae Chill Dara a bheidh an Mheitheal agus is í an t-aon imeacht pleanála teanga ar leibhéal contae dá leithéid in Éirinn. Tugann Meitheal Chill Dara deis líonraithe do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga, do sholáthraithe seirbhíse, do ghnólachtaí agus d’aon duine a bhfuil spéis ghinearálta acu i bhforbairt na Gaeilge laistigh den chontae nuacht a roinnt, smaointe a mhalartú agus labhairt faoi phleananna don bhliain atá amach romhainn.

I mbliana, is é Glór an Churraigh a bhí ina óstach ar an Meitheal. I gcomhpháirt le Cill Dara le Gaeilge, chuir an grúpa oibre clár an-spéisiúil  le chéile. Bhí Eoghan Corry, údar agus staraí, ina aoichainteoir ag an gcomhdháil. Chuala an lucht féachana tuairisc ó na ceantar bhardasacha. Bhí grúpaí plé ann chomh maith. B’iontach an deis é seo bualadh le daoine atá ar an turas céanna leat. Giorraíonn beirt bóthar!

The Irish language community in County Kildare came together for their fifth annual gathering on 2 March in The Kildare Education Support Centre. Each year Meitheal Chill Dara gives people with an interest in the Irish language the opportunity to meet and share experiences and ideas.

The Meitheal will be focused on language planning in County Kildare and will be the only language planning event at county level of its kind in Ireland. Meitheal Chill Dara provides a networking opportunity for the Irish language community, language activists, service providers, businesses and anyone with a general interest in the development of the Irish language within the county to share news, exchange ideas and talk about plans for the year ahead.

This year, Glór an Churraigh will host the Meitheal. In partnership with Cill Dara le Gaeilge, the working group put together a very interesting programme. Eoghan Corry, author and historian was the guest speaker at the conference. Viewers heard a report from the municipal districts. There were also be discussion groups. This was a great opportunity to meet people who are on the same journey as you. Two shorten the road!

Cliceáil ar an íomhá thíos chun féachaint siar ar thaifead de Meitheal Chill Dara 2024

Click on Image below to watch recording of Meitheal Chill Dara 2024

Meitheal Chill Dara 2023

Tháinig pobal na Gaeilge i gContae Chill Dara le chéile ar an 11ú Márta, don cheathrú Meitheal in Óstán an Glenroyal i Maigh Nuad. Ba iad Gaeilge Nuada a bhí ina óstach, den chéad uair, ar an imeacht i gcomhar le Cill Dara le Gaeilge agus chuireamar fáilte chroíúil roimh lucht labhartha Gaeilge an chontae.

Is dírithe ar phleanáil teanga i gContae Chill Dara a bhíonn an Mheitheal agus creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach imeacht pleanála teanga dá leithéid a eagrú ar leibhéal contae.

Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin bplean teanga do chontae Chill Dara, lean an nasc thíos.

The Irish language community in County Kildare met on Saturday, March 11st, in the Glenroyal Hotel in Maynooth for the annual Meitheal. Gaeilge Nuada hosted the event for the first time in conjunction with Cill Dara le Gaeilge and we warmly welcomed Irish speakers from across the county. 

The Meitheal focuses on language planning in County Kildare and we believe that it is vital to hold such a language planning event at county level.

If you are interested in finding out more about the language plan for Kildare, follow the link below.

Cliceáil ar an íomhá thíos chun féachaint siar ar thaifead de Meitheal Chill Dara 2023

Click on Image below to watch recording of Meitheal Chill Dara 2023

Meitheal Chill Dara 2022

Baineann Meitheal Chill Dara le pleanáil teanga. Cuireadh tús léi in 2020 i ndiaidh an phlean teanga a sheoladh in 2019. Mar chuid den phróiseas pleanála teanga i gcontae Chill Dara, eagraítear comhdháil bhliantúil faoin bplean i rith Sheachtain na Gaeilge. i 2022, tháinig pobal na Gaeilge le chéile an 05/03/22 agus pléadh na deiseanna don Ghaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge. Is é Séamus Ó Ceannainn a bhí ina fhear an tí ar Meitheal Chill Dara 2022. Chuir Naoise Ó Cearúil, Ardmhéara Chill Dara, Daithí de Faoite, Cathaoirleach Cill Dara le Gaeilge agus Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael fáilte roimh na daoine a tháinig chuig an gcomhdháil. Labhair Beití Ní Dhuibhir, Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Chill Dara faoi Scéim Gaeilge Chomhairle Chontae Cill Dara, faoi dheiseanna tionscadail Gaeilge le hÉire Ildánach agus faoi Imeachtaí Gaeilge le Leabharlanna Chill Dara le haghaidh Sheachtain na Gaeilge.

Bíonn tuairiscí ó na ceantair bhardasacha ann gach bliain agus labhair na hionadaithe faoin obair atá idir lámha acu. Bhí Seán Ó Fearghaíl, Ceann Comhairle, ina aoichainteoir. Phléamar téamaí éagsúla sna mioncheardlanna, grúpaí deonacha, gnó agus seirbhísí stáit, oideachas, deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim, deiseanna nua don phobal agus tógáil clainne le Gaeilge i gContae Chill Dara. Bhí scéalta gasta ón bpobal agus scéalta gasta ó thar lear ann freisin. Labhair Daithí de Faoite, faoin gcéad chéim eile agus faoi na deiseanna atá ann don Ghaeilge.

Meitheal Chill Dara focuses on language planning. It began in 2020 following the launch of the language plan in 2019. As part of the planning process in County Kildare, an annual conference on the plan is organised during Seachtain na Gaeilge. In 2022, the Irish language community came together on 05/03/22 and we discussed the opportunities and promotion of the Irish language. Séamus Ó Ceannainn was the MC of Meitheal Chill Dara 2022. Naoise Ó Cearúil, Lord Mayor of Kildare, Daithí de Faoite, Cathaoirleach of Cill Dara le Gaeilge and Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael welcomed the attendees. Beití Ní Dhuibhir, Irish Language Officer spoke to Kildare County Council about Kildare County Council’s Irish Language Scheme, Irish language project opportunities with Creative Ireland and Irish Language Events with Kildare Libraries for Seachtain na Gaeilge

There are reports from the municipal districts every year and the representatives have spoken about the work they are doing. Seán Ó Fearghaíl, Ceann Comhairle was the keynote speaker. We discussed various themes in the mini-workshops, voluntary groups, business and state services, education, opportunities to learn Irish, new opportunities for the community and raising a family with Irish in County Kildare. There were also quick stories from the public and quick stories from abroad. Daithí de Faoite, spoke about the next step and the opportunities for the Irish language.

Meitheal Chill Dara 2022

Meitheal Chill Dara 2021

Chuir Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh pobal na Gaeilge sa chontae freastal ar “Meitheal Chill Dara 2021” ar 6 Márta 2021 – d’fhreasatal breis is seasca duine ar an imeacht trí Zoom agus d’éirigh go han-mhaith leis an imeacht.

Cill Dara le Gaeilge welcomed the Irish language community in the county to attend “Meitheal Chill Dara 2021” on 6 March 2021 – over sixty people attended the event through Zoom and the event was a great success.

Meitheal Chill Dara 2020

Tugadh cuireadh do phobal na Gaeilge i gContae Chill Dara freastal ar an gcéad Meitheal Chill Dara, imeacht a eagraíodh ar an 7 Márta 2020 i CLG Nás na Ríogh. Thug Meitheal Chill Dara deis iontach do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga/soláthraí seirbhísí agus d’éinne le spéis acu i ndul chun cinn na Gaeilge, casadh le daoine eile atá ag obair leis an teanga i gContae Chill Dara.

Colm Ó Mongáin a bhí mar fhear an tí ar an lá. Seo taifead de céard a tharla…

The Irish language community in County Kildare were invited to attend the first ever Meitheal Chill Dara, an event organised on 7 March 2020 in Naas GAA. Meitheal Chill Dara gave the Irish language community, language activists/service providers and anyone with an interest in the promotion of Irish a great opportunity to meet with others working with the language in County Kildare.

Colm Ó Mongáin was the master of ceremonies on the day. Here’s a recording of what happened…