Community

Pobal

Ciorcail Chomhrá agus Deiseanna Cainte

Tá lánfháilte romhaibh a bheith páirteach sna ciorcail chomhrá! Tá siad ar fáil do gach leibhéal. Déan teagmháil leo le tuilleadh eolais a fháil, agus tá níos mó eolais thíos freisin.
You are all very welcome to be part of the conversation circles! They are available to all levels. Contact them to learn more, there’s more information below.

Táimid ag baint an-taitneamh as na maidineacha caife gach maidin Dé Céadaoin in Insomina, Nás na Ríogh. Cuirtear fáilte mhór roimh dhaoine nua am ar bith, agus fáilte roimh leanaí leis.

We’re enjoying our lovely coffee mornings in Insomnia, Naas, every Wednesday morning. Newcomers are always welcome, as are children.

Tagann pobal na Gaeilge le chéile gach Satharn ag 11:00 do Bhricfeasta as Gaeilge gCafé Aroma Mocha, Nás na RíoghFáilte roimh cháchTuilleadh eolais:

gaeilge@sultnasollan.ie 

The Irish language community meets every Saturday at 11:00 for breakfast as Gaeilge in the café, Aroma Mocha Café in Naas. Everyone is welcome! For more information: gaeilge@sultnasollan.ie

Beidh Club Leabhar Nás na Ríogh ag tosnú arís Dé Máirt an 12 Meán Fómhair. Beidh an teacht le chéile áirithe sin ar siúl san Osprey, ach fillfimid ar an leabharlann i mí Dheireadh Fómhair. Tuilleadh eolais: caoilfhionn@cilldaralegaeilge.ie

The Naas Club Leabhar will recommence on Tuesday 12th September. The first meeting will take place in the Osprey, but we will return to the library in October. More information: caoilfhionn@cilldaralegaeilge.ie

Beidh na seisiúin scéalaíochta do leanaí ag tosnú arís an 9 Meán Fómhair. Beidh an chéad dá sheisiún ar siúl sa chaifé in Amharclann an Mhóta. Tuilleadh eolais: caoilfhionn@cilldaralegaeilge.ie

 

The storytelling sessions for children will recommence in Naas in September. The first two sessions (9/9 and 23/9) will be held in the café in the Moat Theatre. More information: caoilfhionn@cilldaralegaeilge.ie

Caint & Comhrá: Café Aroma Mocha, Nás na Ríogh:
Dé Sathairn | Saturday: 11:00 – 12:00
Fáilte roimh bhaill nua | New members welcome.
Tuilleadh Eolais | More Information: gaeilge@sultnasollan.ie

Leabharlann Phobal An Nás | Naas Community Library
Maidin Dé Luain | Monday mornings: 11:00
Fáilte roimh bhaill nua | New members welcome.
Tuilleadh Eolais | More Information: naaslib@kildarecoco.ie

Leabharlann Phobal Bhaile Átha Í | Athy Community Library
Maidin Dé Céadaoin | Wednesday mornings: 10:30
Fáilte roimh bhaill nua | New members welcome
Tuilleadh Eolais | More Information: athylib@kildarecoco.ie

Leabharlann Phobal Chill Droichid | Celbridge Community Library
Tráthnóna Dé hAoine  Friday afternoons: 15:15
Tá áthas ar Leabharlann Phobal Chill Droichid a gCiorcal Comhrá a athsheoladh, grúpa a bhuailfidh le chéile gach seachtain thuas staighre i Leabharlann Phobal Chill Droichid. Fáilte roimh thosaitheoirí.
Celbridge Library are pleased to relaunch their Ciorcal Comhrá Irish conversation group which will meet weekly upstairs in Celbridge Library. Beginners are most welcome.
Léirigh spéis anseo le do thoil | Please express interest here: celbridgelib@kildarecoco.ie

Leabharlann Phobal Léim An Bhradáin | Leixlip Community Library
Maidin Dé Céadaoin Wednesday mornings 11:00 (uair sa choicís | fortnightly), 08/03/2023 & 22/03/2023: 11.00
Fáilte roimh bhaill nua | New members welcome
Léirigh spéis anseo le do thoil | Please express interest here: leixliplib@kildarecoco.ie

Leabharlann Phobal Mhaigh Nuad | Maynooth Community Library
Maidin Dé Máirt Tuesday mornings: 11:00
Fáilte roimh daoine nua | All newcomers are welcome
Tuilleadh Eolais | More Information: maynoothlib@kildarecoco.ie

Leabharlann Phobal Chill Dara / Kildare Community Library
Seo iad na dataí go deireadh na bliana | These are dates to the end of the year:
Mí an Mhárta | March: 2 & 16, 15:00-16:30
Mí Aibreáin | April: 6 & 20, 15:00-16:30
Mí na Bealtaine | May: 4 & 18, 15:00-16:30
Mí an Mheithimh | June: 1 & 15, 15:00-16:30
Mí Iúil | July: 6 & 20, 15:00-16:30
Mí Lúnasa | August: Ní bheidh aon cruinniú an mhí seo | There will be no meeting this month
Mí Mheán Fómhair | September: 14 & 28, 15:00-16:30
Mí Dheireadh Fómhair | October: 12 & 26, 15:00-16:30
Mí na Samhna | November: 9 & 23, 15:00-16:30
Mí na Nollag | December: 7, 15:00-16:30
Bígí linn! Fáilte roimh chách | Join us! Everyone welcome
Tuilleadh Eolais | More Information: kildarelib@kildarecoco.ie

Eolas faoi chiorcail chomhrá agus imeachtaí rialta i nGaeilge

Tá Gaeilge labhartha ag na mílte daoine i gContae Chill Dara. De réir daonáireamh 2016, dúirt 85,426 duine go raibh cumas labhartha acu agus chuir 5,293 duine in iúl go mbíonn comhrá i nGaeilge acu ar a laghad uair amháin in aghaidh na seachtaine. Tá clanna i gContae Chill Dara go mbíonn an Ghaeilge mar theanga an tí, tá páistí gurb í an Ghaeilge a dteanga dúchais, bíonn grúpaí Gaeilgeoirí ag bualadh le chéile go rialta sa chontae agus tá fás agus forbairt ag teacht ar na seirbhísí atá ar fáil do lucht na Gaeilge.
Thousands of people speak Irish in Co. Kildare. According to the 2016 census, 85,426 people said they had ability to speak and 5,293 people indicated that they have a conversation in Irish at least once a week. There are families in County Kildare where Irish is the language of the home, there are children whose native language is Irish, groups of Irish speakers meet regularly in the county and the services available to Irish speakers are growing and developing.
Tá ard-spéis sa Ghael-oideachais sa chontae anois. Ó a osclaíodh an chéad Gaelscoil sa chontae i Léim an Bhradáin i 1979, osclaíodh ocht nGaelscoil eile agus dhá Ghael-Choláiste i gContae Chill Dara. Tá an Ghaeilge an-lárnach in Ollscoil Mhaigh Nuad – tá an roinn ollscoile Nua-Ghaeilge is mó sa tír in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le Lárionad na Gaeilge a eagraíonn scrúduithe TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), Oifigeach Gaeilge lánaimseartha, Cuallacht Cholmcille (an cumann mac léinn don Ghaeilge is ársa sa tír) agus lárionad atá tiomnaithe don chultúr Gaelach.
There is now a high level of interest in Irish-medium education in the county. Since the opening of the county’s first Gaelscoil in Leixlip in 1979, eight more Gaelscoileanna and two Gael-Choláiste have opened in County Kildare. The Irish language is central to Maynooth University – Maynooth University has the largest Modern Irish university department in the country as well as a Centre for Irish Language which organises TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), a full-time Irish language officer, Cuallacht Cholmcille (the oldest student association for the Irish language in the country) and a centre dedicated to Irish culture.
Is é an sprioc atá ag Cill Dara le Gaeilge ná tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí nó gníomhaithe sa chontae atá ag cur imeachtaí nó seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ba mhaith linn gréasán a fhorbairt idir grúpaí éagsúla, scéalta a scaipeadh eadarthu agus go mbeadh pobal na Gaeilge ar an eolas faoi céard atá ar siúl ina gceantair. Ba mhaith linn go mbeadh réimse leathan d’imeachtaí ar fáil trí mheán na Gaeilge agus déanfaimid ár ndícheall grúpaí a mhealladh chun imeachtaí nua a chur ar fáil.
The goal of Cill Dara le Gaeilge is to support groups or activists in the county who are providing events or services through Irish. We want to develop a network between different groups, to spread stories between them and to make the Irish language community aware of what’s going on in their areas. We would like to see a wide range of events available through Irish and we will do our best to attract groups to provide new events.
Bíonn ranganna Gaeilge ar fáil ar fud fad an chontae chomh maith le ciorcail comhrá, grúpaí sóisialta, Pop-Up Gaeltachtaí, grúpaí teaghlaigh, féilte agus go leor imeachtaí eile a chuirtear ar siúl don phobal.
Irish language classes are available throughout the county as well as conversation circles, social groups, Pop-Up Gaeltachtaí, family groups, festivals and many other events held for the public.