Cultural Centre

Cultúrlann

Creideann Cill Dara le Gaeilge go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh lárionad don Ghaeilge i gContae Chill Dara. Tá Cill Dara le Gaeilge ag obair leis an ngrúpa pobail Sult na Sollán chun an fhís seo a bhaint amach agus creideann an dá ghrúpa go mbeadh na Solláin fíor-oiriúnach mar ionad do chultúrlann, lárnach sa chontae do phobal na Gaeilge uilig.

Cill Dara le Gaeilge believes that it is vital that there is a centre for the Irish language in County Kildare. Cill Dara le Gaeilge is working with the community group Sult na Sollán to achieve this vision and both groups believe that Sallins would be a very suitable venue for a cultural centre, central to the county for the entire Irish language community.

Tugann an doiciméad poiblí Tionscadal Éireann, Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga & inár nOidhreacht léargas ar straitéis an stáit chun an Ghaeilge agus ionaid chultúrtha i mbailte seirbhíse don Ghaeltacht agus i Líonraí Gaeilge a fhorbairt. Tá Cill Dara le Gaeilge ag obair le rannpháirtithe eile sa cheantar go n-athnófaí Nás na Ríogh/Na Solláin mar “Líonra”. Tá sé i gceist againn togra cuimsitheach a chur le chéile do Chomhairle Chontae Chill Dara go dtógfaí Cultúrlann sna Solláin.

The public document Project Ireland, Investment in our Culture, Language & Heritage, provides an insight into the state’s strategy to develop the Irish language and cultural centres in service towns for the Gaeltacht and in Irish Language Networks. Cill Dara le Gaeilge is working with other participants in the area to have Naas/Sallins re-established as a “Líonra” area. We are now working on putting together a comprehensive proposal for Kildare County Council to build a Cultúrlann in Sallins.