Lá Spraoi na Gaeilge - 17 Bealtaine

Family Fun Day as Gaeilge - 17 May

Bígí ann don Lá Mór Spraoi atá á eagrú ag Cill Dara le Gaeilge i gcomhar le Teanga Tí do theaghlaigh Dé Sathairn an 17ú Bealtaine. Beidh sé ar siúl idir 11am – 3pm ar Fhaiche an Aonaigh, Nás na Ríogh agus beidh na himeachtaí ar fad saor in aisce.

Linn ar an lá beidh Stephen McGinley  lena sheó draíochtúil sorcais, agus ceardlann sorcais aige chomh maith le deis a thabhairt do na leanaí a scileanna sorcais féin a chleachtadh! Beidh an t-údar Sadhbh Devlin ann ag léamh a cuid scéalta agus deis ag na leanaí a “ninja nádúir” féin a chruthú bunaithe ar an leabhar “Amuigh Faoin Spéir”.
Beidh máistir na scipeála Eoin Ó Ráighne ann ó Léim Thart linn le scileanna agus cleasanna scipeála a mhúineadh, beidh Ola Majekodunmi linn ó Fighting Words le haghaidh ceardlann scríbhneoireachta, Emma ó Eclecticats i láthair lena réimse mór cluichí cláir agus anuas air sin beidh ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, spraoi chéadfach, ceardlann eolaíochta, ceardlann íoga do leanaí agus tuistí (cuirfear na mataí ar fáil), spraoi chéadfach mar aon le deis do chuid scileanna rugbaí agus peile Gaelaí a chleachtadh agus neart cluichí móra ann le himirt leis. 
Ag súil le sibh a bheith linn ar an lá!

Join us for our Family Fun Day on May 17th, organised in conjunction with Teanga Tí. It’ll all be happening on the Fairgreen, Naas and all workshops and activities are free of charge.

On the day we’re looking forward to having Stephen McGinley with his amazing circus show, and also a circus workshop so the children can try their hand at circus skills themselves! Children’s author Sadhbh Devlin will be there to read some of her stories and the children will get to make their own “nature ninja” based on the character from her book “Amuigh Faoin Spéir”.
Skipping maestro Eoin Ó Ráighne from Léim Thart will be teaching skipping skills and tricksand we’ll ask have Ola Majekodunmi from Fighting Words for a writing workshop, Emma from Eclecticats with her huge selection of board games, and on top of that there will be arts and crafts workshops, a science workshops, yoga for children and parents (mats will be provided) and a chance to practise your rugby and Gaelic football skills as well as a selection of giant games to play!
Looking forward to seeing you all on the day!

Glas agus Gaelach

Keeping Gaeilge Green

Ar mhaith leat cabhrú le lorg charbóin an Lae Spraoi a laghdú? Seo iad na rudaí is féidir leatsa a dhéanamh!

  • Is féidir teacht chuig an Lá Spraoi ar do rothar nó de shiúl na gcos. Tá neart spásanna páirceála do rothair ar Fhaiche an Aonaigh agus trasna an bhóthair ó Swan’s
  • Tabhair leat do bhuidéal uisce féin – beidh “ciúb uisce” ar an láthair ar an lá áit ar féidir leat do bhuidéal uisce a líonadh saor in aisce!
  • Bain úsáid as an meaisín athchúrsála in Supervalu le haghaidh cannaí agus buidéil phlaisteacha. Agus gheobhaidh tú cúpla pingin ar ais fiú 🙂
  • Daoine fásta – smaoinígí ar bhur gcupán in-athúsáidte féin a thabhairt libh ar an lá más rud é go mbeidh sibh ag iarraidh cupán tae nó caife a fháil ó na caifeanna deasa atá sa cheantar

Would you like to help in reducing the carbon footprint of our Lá Spraoi ? Here is what you can do!

  • Come to the Lá Spraoi on your bike or by foot. There are plenty of parking spots for bikes at the Fairgreen or across the road from Swan’s
  • Bring your own water bottle – there will be a “Water Cube” on site where you can refill your bottle free of charge!
  • Use the recycling machine in Supervalu for any cans and plastic bottles, and you’ll even get a few cents back 🙂
  • Adults – think of brining your own reusable cup in case you might need a cup of tea or coffee from one of the lovely Naas cafés in the area

Ár mbuíochas le

With thanks to

Campa Samhraidh Foraoise

Forest Summer Camp

Cárta Dílseachta Theaghlaigh Chill Dara

Teaghlaigh Chill Dara Loyalty Card

An raibh a fhios agat gur sheol Teaghlaigh Chill Dara cárta dílseachta ag tús na bliana seo? Gach uair a fhreastlaíonn tú ar imeacht de chuid Theaghlaigh Chill Dara is féidir stampa nó síniú a fháil agus tar éis duit 5 stampa a fháil, beidh tú i dteideal féirín beag! Is féidir grianghraf den chárta líonta a uaslódáil ach an cód QR thíos a scanadh.

                                                   

Did you know that Teaghlaigh Chill Dara launched a loyalty card at the beginning of the year? Any time you attend a Teaghlaigh Chill Dara event you will get a stamp or a signature and after you’ve gathered 5 stamps you’ll be entitled to a little gift! You can upload a photo of your completed card through scanning the QR code below.

                                             

Grúpa WhatsApp Theaghlaigh Chill Dara

Teaghlaigh Chill Dara's WhatsApp Group

Más mian leat a bheith ar an eolas faoi imeachtaí Theaghlaigh Chill Dara, tá grúpa WhatsApp againn ina roinntear gach eolas faoi imeachtaí, mar aon le naisc, acmhainní agus gach sórt rud a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa bhaile.

Cliceáil ar an gcód QR thíos le dul isteach sa ghrúpa.

if you would like to be kept informed of Teaghlaigh Chill Dara’s activities, we have a WhatsApp group where we share information on events as well as links, resources and all sorts of things relating to using Irish at home.

You can click on the QR code below to join the group.

Gailearaí

Gallery