Family Events

Lá Spraoi na Gaeilge 20 Meitheamh 2026

Family Fun Day as Gaeilge 20th June 2026

Bígí ann don Lá Mór Spraoi atá á eagrú ag Cill Dara le Gaeilge i gcomhar le Teanga Tí do theaghlaigh Dé Sathairn an 20 Meitheamh. Beidh sé ar siúl idir 2pm – 5pm ar Fhaiche an Aonaigh, Nás na Ríogh agus beidh na himeachtaí ar fad saor in aisce.

Linn ar an lá beidh Stephen McGinley lena sheó draíochtúil sorcais, agus ceardlann sorcais aige chomh maith le deis a thabhairt do na leanaí a scileanna sorcais féin a chleachtadh! Beidh Emma ó Eclecticats i láthair lena réimse mór cluichí cláir agus anuas air sin beidh ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, spraoi chéadfach, ceardlann eolaíochta, ceardlann íoga do leanaí agus tuistí (cuirfear na mataí ar fáil), spraoi chéadfach mar aon le deis do chuid scileanna rugbaí agus peile Gaelaí a chleachtadh agus neart cluichí móra ann le himirt leis.

Ag súil le sibh a bheith linn ar an lá!

Join us for our Family Fun Day on June 20th, organised in conjunction with Teanga Tí. It’ll all be happening on the Fairgreen, Naas from 2pm-5pm and all workshops and activities are free of charge.

On the day we’re looking forward to having Stephen McGinley with his amazing circus show, and also a circus workshop so the children can try their hand at circus skills themselves! We will have Emma from Eclecticats with her huge selection of board games, and on top of that there will be arts and crafts workshops, a science workshops, yoga for children and parents (mats will be provided) and a chance to practise your rugby and Gaelic football skills as well as a selection of giant games to play!

Looking forward to seeing you all on the day!

Glas agus Gaelach

Keeping Gaeilge Green

Ar mhaith leat cabhrú le lorg charbóin an Lae Spraoi a laghdú? Seo iad na rudaí is féidir leatsa a dhéanamh!

  • Is féidir teacht chuig an Lá Spraoi ar do rothar nó de shiúl na gcos. Tá neart spásanna páirceála do rothair ar Fhaiche an Aonaigh agus trasna an bhóthair ó Swan’s
  • Tabhair leat do bhuidéal uisce féin – beidh “ciúb uisce” ar an láthair ar an lá áit ar féidir leat do bhuidéal uisce a líonadh saor in aisce!
  • Bain úsáid as an meaisín athchúrsála in Supervalu le haghaidh cannaí agus buidéil phlaisteacha. Agus gheobhaidh tú cúpla pingin ar ais fiú 🙂
  • Daoine fásta – smaoinígí ar bhur gcupán in-athúsáidte féin a thabhairt libh ar an lá más rud é go mbeidh sibh ag iarraidh cupán tae nó caife a fháil ó na caifeanna deasa atá sa cheantar

Would you like to help in reducing the carbon footprint of our Lá Spraoi ? Here is what you can do!

  • Come to the Lá Spraoi on your bike or by foot. There are plenty of parking spots for bikes at the Fairgreen or across the road from Swan’s
  • Bring your own water bottle – there will be a “Water Cube” on site where you can refill your bottle free of charge!
  • Use the recycling machine in Supervalu for any cans and plastic bottles, and you’ll even get a few cents back 🙂
  • Adults – think of brining your own reusable cup in case you might need a cup of tea or coffee from one of the lovely Naas cafés in the area

Cárta Dílseachta Theaghlaigh Chill Dara

Teaghlaigh Chill Dara Loyalty Card

An raibh a fhios agat go bhfuil cárta dílseachta ag Teaghlaigh Chill Dara? Gach uair a fhreastlaíonn tú ar imeacht de chuid Theaghlaigh Chill Dara is féidir stampa nó síniú a fháil agus tar éis duit 5 stampa a fháil, beidh tú i dteideal féirín beag! Is féidir grianghraf den chárta líonta a uaslódáil ach an cód QR thíos a scanadh.

Did you know that Teaghlaigh Chill Dara has a loyalty card? Any time you attend a Teaghlaigh Chill Dara event you will get a stamp or a signature and after you’ve gathered 5 stamps you’ll be entitled to a little gift! You can upload a photo of your completed card through scanning the QR code below.

Grúpa WhatsApp Theaghlaigh Chill Dara

Teaghlaigh Chill Dara's WhatsApp Group

Más mian leat a bheith ar an eolas faoi imeachtaí Theaghlaigh Chill Dara, tá grúpa WhatsApp againn ina roinntear gach eolas faoi imeachtaí, mar aon le naisc, acmhainní agus gach sórt rud a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa bhaile.

Cliceáil ar an gcód QR thíos le dul isteach sa ghrúpa.

if you would like to be kept informed of Teaghlaigh Chill Dara’s activities, we have a WhatsApp group where we share information on events as well as links, resources and all sorts of things relating to using Irish at home.

You can click on the QR code below to join the group.

Cartlann Imeachtaí

Event Archive

Garraí na Leanaí, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 2025

Garraí na Leanaí, September - October 2025

Cad é Garraí na Leanaí?

  • Gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus spraoi sa nádúr!
  • Do leanaí 2-5 agus duine fásta leo
  • €48 do 6 seachtaine

Cad a bheidh ar siúl againn?

AN GHAEILGE

Beidh gach seisiún ag baint úsáid as meascán de Ghaeilge agus Béarla a bheidh oiriúnach do gach teaghlach, iad siúd le beagán Gaeilge san áireamh. Beidh an teanga á húsáid i gcomhthéacsanna nádúrtha chun cuidiú le daoine a bheith compordach agus muiníneach le húsáid laethúil na Gaeilge.

TÉAMAÍ NA SEISIÚN

Beidh gach seisiún bunaithe ar théama sonrach, mar shampla:
○ Siúlóidí sa nádúr: Súil ar a bhfuil timpeall orainn agus focail i nGaeilge a bhaineann leis an dúlra a fhoghlaim.
○ Scéalaíocht: Scéalta agus béaloideas na hÉireann a roinnt agus a phlé agus gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin.
○ Ceardaíocht Traidisiúnta: Ceardaíocht shimplí amhail maisiúcháin agus bréagáin.
○ Ceol agus Amhráin: Amhráin thraidisiúnta a chanadh le chéile.

Cláraigh anseo: https://www.tickettailor.com/events/cilldaralegaeilge

What is Garraí na Leanaí?

  • Outdoor activities and fun in nature!
  • For children 2-5 and an accompanying adult
  • €48 for 6 weeks

What will we be doing?

AN GHAEILGE

Sessions will incorporate a mix of Irish and English that will be suitable for all families, including those with little or no Irish. Through natural interaction, parents and children will learn practical phrases and vocabulary. The sessions will use Irish in context, with a focus on encouraging the use of the language in everyday family life.

TÉAMAÍ NA SEISIÚN

Each session will be based on a specific theme, allowing for flexibility and variety in activities. Themes will include:
● Nature Walks: Exploring the outdoor environment and learning Irish words related to nature.
● Storytelling: Engaging families in Irish stories and folklore, followed by related activities such as crafting or group discussions.
● Traditional Crafts: Learning simple crafts inspired by Irish heritage, such as making seasonal decorations or toys.
● Songs and Music: Introducing traditional Irish songs, encouraging parents and children to sing together.
Register here:
https://www.tickettailor.com/events/cilldaralegaeilge

Lá Spraoi na Gaeilge - 17 Bealtaine 2025

Family Fun Day as Gaeilge - 17 May 2025

Bígí ann don Lá Mór Spraoi atá á eagrú ag Cill Dara le Gaeilge i gcomhar le Teanga Tí do theaghlaigh Dé Sathairn an 17ú Bealtaine. Beidh sé ar siúl idir 11am – 3pm ar Fhaiche an Aonaigh, Nás na Ríogh agus beidh na himeachtaí ar fad saor in aisce.

Linn ar an lá beidh Stephen McGinley lena sheó draíochtúil sorcais, agus ceardlann sorcais aige chomh maith le deis a thabhairt do na leanaí a scileanna sorcais féin a chleachtadh! Beidh an t-údar Sadhbh Devlin ann ag léamh a cuid scéalta agus deis ag na leanaí a “ninja nádúir” féin a chruthú bunaithe ar an leabhar “Amuigh Faoin Spéir”.
Beidh máistir na scipeála Eoin Ó Ráighne ann ó Léim Thart linn le scileanna agus cleasanna scipeála a mhúineadh, beidh Ola Majekodunmi linn ó Fighting Words le haghaidh ceardlann scríbhneoireachta, Emma ó Eclecticats i láthair lena réimse mór cluichí cláir agus anuas air sin beidh ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, spraoi chéadfach, ceardlann eolaíochta, ceardlann íoga do leanaí agus tuistí (cuirfear na mataí ar fáil), spraoi chéadfach mar aon le deis do chuid scileanna rugbaí agus peile Gaelaí a chleachtadh agus neart cluichí móra ann le himirt leis.
Ag súil le sibh a bheith linn ar an lá!

Join us for our Family Fun Day on May 17th, organised in conjunction with Teanga Tí. It’ll all be happening on the Fairgreen, Naas and all workshops and activities are free of charge.

On the day we’re looking forward to having Stephen McGinley with his amazing circus show, and also a circus workshop so the children can try their hand at circus skills themselves! Children’s author Sadhbh Devlin will be there to read some of her stories and the children will get to make their own “nature ninja” based on the character from her book “Amuigh Faoin Spéir”.
Skipping maestro Eoin Ó Ráighne from Léim Thart will be teaching skipping skills and tricksand we’ll ask have Ola Majekodunmi from Fighting Words for a writing workshop, Emma from Eclecticats with her huge selection of board games, and on top of that there will be arts and crafts workshops, a science workshops, yoga for children and parents (mats will be provided) and a chance to practise your rugby and Gaelic football skills as well as a selection of giant games to play!
Looking forward to seeing you all on the day!

Ár mbuíochas le

With thanks to

Campa Samhraidh Foraoise 2025

Forest Summer Camp 2025

Gailearaí

Gallery