
Nuacht
Cláraigh dár nuachtlitir
Register for our newsletter
MEITHEAL CHILL DARA 2023












Tháinig pobal na Gaeilge i gContae Chill Dara le chéile Dé Sathairn seo caite, an 11ú Márta, don cheathrú Meitheal in Óstán an Glenroyal i Maigh Nuad. Ba iad Gaeilge Nuada a bhí ina óstach, den chéad uair, ar an imeacht i gcomhar
le Cill Dara le Gaeilge agus chuir siad fáilte chroíúil roimh lucht labhartha Gaeilge an chontae: “Bhí an-áthas ar Ghaeilge Nuada fáilte a chur roimh Mheitheal Chill Dara chuig Maigh Nuad ag an deireadh seachtaine. Bhí freastal iontach ar an ócáid agus táimid thar a bheith buíoch do gach duine a ghlac páirt inti.” (Cathaoirleach Ghaeilge Nuada, Póla Ní Chinnsealaigh).
Is dírithe ar phleanáil teanga i gContae Chill Dara a bhíonn an Mheitheal agus creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach imeacht pleanála teanga dá leithéid a eagrú ar leibhéal contae. Tugann sí deis líonraithe do phobal na Gaeilge, do
ghníomhaithe teanga, do sholáthraithe seirbhíse, do ghnólachtaí agus d’aon duine a bhfuil spéis ghinearálta acu i bhforbairt na Gaeilge laistigh den chontae nuacht a roinnt, smaointe a mhalartú agus labhairt faoi phleananna do na blianta atá amach romhainn. Bhí tábhacht ar leith ag baint le Meitheal na bliana seo toisc go bhfuil plean nua teanga 7 mbliana á ullmhú don chontae faoi láthair (tuilleadh eolais: https://cilldaralegaeilge.ie/pleanail-teanga/).
Chláraigh os cionn 70 duine don chomhdháil, an líon is mó riamh, ó fud fad an chontae agus ó gach ceantar bardasach. Sa bhreis air sin bhí grúpa mór daoine óga i láthair ag freastal ar réimse dheas ceardlann a d’eagraigh
Gaeilge Nuada – ceardlanna ceoil le Comhaltas, ceardlanna rince ar an sean-nós le buaiteoirí STEIP an Oireachtais, ceardlann ealaíne agus ceardlann scileanna raidió le Raidió na Life. Ba ghné nua den Mheitheal i mbliana na
ceardlanna agus ba léir go raibh an-tóir orthu.
Forbairt shuntasach a bhí le feiceáil ag an Meitheal seo i gcomparáid leis an gcéad cheann in 2019 ná go bhfuil grúpaí gníomhacha Gaeilge tagtha chun cinn anois i gceithre cinn de na cúig cheantar bhardasacha, Sult na Sollán (Nás na Ríogh/na Solláin), Glór an Churraigh (Cill Dara/an Droichead Nua), Gaeilge an Bhradáin (Cill Droichid/Léim an Bhradáin) agus Gaeilge Nuada féin (Maigh Nuad) agus ceann nua curtha ar bun le cúpla seachtain anuas i gceantar bardasach Áth Í. Is léiriú sin ar an dul chun cinn atá déanta sa chontae – níor a tionóladh an chéad Mheitheal ní raibh de ghrúpaí pobal Gaeilge sa chontae ach Sult na Sollán.
Ina aoi-chainteoir i mbliana bhí Darren Ó Rodaigh, Cathaoirleach Feidhmiúcháin ar Ghaelchultúr an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan. Labhair Darren ar an réimse leathan cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil, ach freisin faoi na deiseanna fostaíochta atá ann do lucht labhartha na Gaeilge, go háirithe ó tugadh isteach na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2021.
Gné an-tábhachtach den lá ba ea na grúpaí plé a bhí ann ag deireadh an lae ag plé cúrsaí teaghlaigh, oideachais, clubanna spóirt, grúpaí pobail agus grúpa do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a (ath)fhoghlaim. Bhí plé bríomhar
spreagúil sna grúpaí sin agus tháinig go leor smaointe agus moltaí chun cinn maidir le todhchaí na Gaeilge sa chontae. Seo mar a rinne Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, Daithí de Faoite, cur síos ar an lá “Ba mhór do Chill Dara le
Gaeilge agus do Ghaeilge Nuada fáilte a chur roimh Ghaeilgeoirí agus roimh ghníomhairí teanga ó gach cúinne de Chontae Chill Dara ag Meitheal Chill Dara ag an deireadh seachtaine. B’iontach an deis a bhí ag na grúpaí pobail
Gaeilge sa chontae scéalta a mhalartú lena chéile agus aithne níos fearr a chur ar a chéile thar chupán tae nó ag an Pop-Up Gaeltacht ina dhiaidh. Tá torthaí soiléire le feiceáil anois mar thoradh ar an bpleanáil teanga atá ar bun sa chontae le déanaí agus táimid ar bís go mór faoi thodhchaí na Gaeilge sa chontae sna blianta romhainn.”
Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin bplean teanga do chontae Chill Dara, déan teagmháil le eolas@cilldaralegaeilge.ie.
The Irish language community in County Kildare met last Saturday, March 11st, in the Glenroyal Hotel in Maynooth for the annual Meitheal. Gaeilge Nuada hosted the event for the first time in conjunction with Cill Dara le Gaeilge and they warmly welcomed Irish speakers from across the county: “Gaeilge Nuada was delighted to welcome Meitheal Chill Dara to Maynooth at the weekend. We were very grateful to everyone who took part in the event” (Chairperson of Gaeilge Nuada, Póla Ní Chinnsealaigh).
The Meitheal focuses on language planning in County Kildare and we believe that it is vital to hold such a language planning event at county level. It provides a networking opportunity for the Irish language community, language activists, service providers, businesses and anyone with a general interest in the development of the Irish language within the county, where they can share news, exchange ideas and talk about plans for the years ahead. This year’s Meitheal was particularly important as a new 7-year language plan is being prepared for the county at present (further information: https://cilldaralegaeilge.ie/pleanail-teanga/).
Over 70 people registered for the conference, the largest number ever, from across the county and from all municipal areas. In addition, a large group of young people attended a wide range of workshops organised by Gaeilge Nuada — music workshops with Comhaltas, sean-nós dancing workshops with winners of STEIP an Oireachtais, an art workshop and a radio skills workshop with Raidió na Life. The workshops were a new feature of the Meitheal this year and proved to be very popular.
A significant development compared to the first Meitheal in 2019 was that active Irish language groups have now emerged in four of the five municipal areas, Sult na Sollán (Naas/Sallins), Glór an Churraigh (Kildare/Newbridge), Gaeilge an Bhradáin (Celbridge/Leixlip) and Gaeilge Nuada (Maynooth) and very recently a new group has been founded in the municipal area of Athy. This reflects the progress that has been made in the county — in 2019 Sult na Sollán was the sole Irish language community group in the county.
This year’s guest speaker was Darren Ó Rodaigh, Executive Chair of Gaelchultúr – the largest provider of Irish language courses in the world. Darren spoke of the wide range of courses provided by Gaelchultúr, but also about the employment opportunities for Irish speakers, in particular since the amendments to the Official Languages Act were introduced in 2021.
A very important aspect of the day was the discussion groups at the end of the day on topics such as family, education, sports clubs, community groups and a discussion for people who want to (re)learn Irish. There was lively and interesting discussion in those groups and many ideas and suggestions emerged in relation to the future of the Irish language in the county. Chairperson of Cill Dara le Gaeilge, Daithí de Faoite, described the day as follows “Cill Dara le Gaeilge and Gaeilge Nuada were delighted to welcome Irish speakers and language activists from every corner of County Kildare at Meitheal Chill Dara at the weekend. It was wonderful to have the opportunity for the Irish-language community groups in the county to exchange stories with each other and get to know each other better over a cup of tea or at the Pop-Up Gaeltacht afterwards. We are seeing the clear results resulting from the recent language planning in the county and we are very excited about the future of the Irish language in the county in the years ahead.”
If you are interested in finding out more about the language plan for Kildare, please contact eolas@cilldaralegaeilge.ie.
NUACHTLITIR MHÍ AN MHÁRTA


Seachtain na Gaeilge 2023
Cead míle fáilte roimh clár Sheachtain na Gaeilge do Nás na Ríogh agus Na Solláin!
Tá an-obair déanta ag Sult na Sollán le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge chun clár den scoth a chur le chéile.
Tá rud éigin do gach éinne. Scaipigí an scéal le bhur dtoil! Bainigí taitneamh agus tairbhe as na himeachtaí!



Is ball nua de Ghnó Chill Dara é Terry Doyle Woodcrafts


Chláraigh Terry Doyle Woodcrafts mar bhall de Ghnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, ceanneagraíocht na Gaeilge i gcontae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a ngnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge ina gcaidreamh lena gcustaiméirí.
Terry Doyle Woodcrafts has registered as a member of Gnó Chill Dara, a scheme for businesses run by Cill Dara le Gaeilge, the lead organisation for the Irish language in County Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of the Irish language in their relations with their customers.

Meitheal Chill Dara 2023
Baineann Meitheal Chill Dara le pleanáil teanga. Cuireadh tús léi in 2020 i ndiaidh an phlean teanga a sheoladh in 2019. Mar chuid den phróiseas pleanála teanga i gcontae Chill Dara, eagraítear comhdháil bhliantúil faoin bplean i rith Sheachtain na Gaeilge.
Tá Meitheal Chill Dara 2023 á heagrú in éineacht le Gaeilge Nuada. Beidh sé ar siúl ar an 11 Márta in Óstán Glenroyal, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Lean an nasc thíos le clárú.
Meitheal Chill Dara focuses on language planning. It began in 2020 following the launch of the language plan in 2019. As part of the planning process in County Kildare, an annual conference on the plan is organised during Seachtain na Gaeilge.
Meitheal Chill Dara 2023 is being organised with Gaeilge Nuada. It will take place on 11 March in the Glenroyal Hotel, Maynooth, Co. Kildare. Follow the link below to register.
Lón Ceiliúrtha le Gnó Chill Dara | Celebratory Lunch with Gnó Chill Dara
Bhí lón ceiliúrtha ag Cill Dara le Gaeilge do bhaill Ghnó Chill Dara in Óstán an Osprey, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, Dé Luain an 30 Eanáir chun an chéad bhliain de Ghnó Chill Dara a cheiliúradh. Tá an-áthas orainn go raibh ionadaithe i láthair ó naoi ngnó a chláraigh linn ó cuireadh tús leis an scéim seo: AllType Ltd, Aroma Mocha, Barge Trip, Café Grange, Dúlra Chill Dara, Helen Doyle Therapy, Ruby Architectural, StudyBase.com agus Terry Doyle Woodcrafts. Bhí deis ag baill Ghnó Chill Dara gréasánú le chéile, foghlaim faoi obair a chéile, smaointe a roinnt agus cloisteáil faoi na deiseanna a thugann an Ghaeilge dá ngnó.
Ár mbuíochas le Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha, Gnó agus Fiontraíocht, Glór na nGael, a bhí ina aoichainteoir. Labhair sé faoi GRADAIM Gnó na hÉireann. Tacaíonn Cill Dara le Gaeilge le gnólachtaí i gCill Dara le Gaeilge bogadh ar aghaidh go dtí an scéim sin.
Cill Dara le Gaeilge held a celebratory lunch for members of Gnó Chill Dara in the Osprey Hotel, Naas, Co. Kildare, Monday 30th January to celebrate the first year of Gnó Chill Dara. We are delighted that there were representatives present from the nine businesses that have registered with us since the start of this scheme: AllType Ltd, Aroma Mocha, Barge Trip, Café Grange, Dúlra
Chill Dara, Helen Doyle Therapy, Ruby Architectural, StudyBase.com and Terry Doyle. Gnó Chill Dara members had a great opportunity to network with other members, learn about each others work, share ideas and hear about the opportunitites that the Irish language offers their business.
Our thanks to Frainc Mac Cionnaith, Business and Enterprise Development Manager, Glór na nGael, who was the guestspeaker. He spoke about GRADAIM Gnó na hÉireann. Cill Dara le Gaeilge supports businesses in Kildare to move towards that scheme.
FEICEÁLACHT NA GAEILGE - RANNPHÁIRTITHE IN 2022
Ceithre ghrúpa a ghlac páirt sa scéim “Feiceálacht na Gaeilge” in 2022, scéim trínar cuireadh maoiniú ar fáil do ghrúpaí pobail i líonra Gaeilge chontae Chill Dara* – ceantar na Sollán/Nás na Ríogh – chun comharthaíocht i nGaeilge nó comharthaíocht dhátheangach a chur in airde. Is é Foras na Gaeilge a chuir an maoiniú ar fáil faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus bronnadh beagnach €4,000 ar na ceithre ghrúpa ar éirigh leo an maoiniú a fháil, is iad sin CLG Nás na Ríogh, CLG na Sollán, Cumann na bhFear, Nás na Ríogh, agus Grúpa Bithéagsúlachta Nás na Ríogh. Nach deas an rud é tuilleadh Gaeilge a fheiceáil anois ar fhógraí sa cheantar! Tá súil againn go spreagfaidh an scéim seo tuilleadh grúpaí lena machnamh a dhéanamh ar an nGaeilge a chur san áireamh ar a gcuid comharthaíochta amach anseo.
*Cad is líonra Gaeilge ann? “Is é atá i gceist le líonra Gaeilge ceantar a bhfuil mais chriticiúil bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don teanga” (www.gaelphobal.com).
Four groups participated in Cill Dara le Gaeilge’s “Feiceálacht na Gaeilge” scheme in 2022. This was a scheme to provide funding for community groups in the Irish language network* in the Naas/Sallins area to install Irish-language or bilingual signage. it was funded by Foras na Gaeilge under the Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge/Irish Language Networks Development Scheme, and alsmost €4,000 in funding was awarded to the successful applicantas – Naas GAA, Sallins GAA, the Men’s Shed Naas agus Naas Biodiversity Group. We are delighted to see the new signage in place and more Irish visible in the locality. We hope this scheme will serve to encourage other community groups to consider including Irish on their signage in the future.
*What is an Irish-language network? “An Irish-language network is a region in which a critical mass has been achieved with regards to public and state support for the language” (www.gaelphobal.com).




NUACHTLITIR NA NOLLAG (2022)







Is ball nua de Ghnó Chill Dara é Dúlra Chill Dara


Fógraíodh gur chláraigh Dúlra Chill Dara mar bhall de Ghnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, ceanneagraíocht na Gaeilge i gcontae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a ngnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge ina gcaidreamh lena gcustaiméirí. Léigh an preasráiteas thíos.
It was announced today that Dúlra Chill Dara has registered as a member of Gnó Chill Dara, a scheme for businesses run by Cill Dara le Gaeilge, the lead organisation for the Irish language in County Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of the Irish language in their relations with their customers. Read the pressrelease below.
Tar ar shiúlóid le Teaghlaigh Chill Dara!

Páirc Foraoise Dhomhnach Dheá
Donadea Forest Park
Bóthar Chill Choca, Cill Choca, Co. Chill Dara
Kilcock Road, Kilcock, Co. Kildare
13:00-15:00, 28/12/22
Cuirfear sólaistí beaga ar fáil i gCaifé Pháirc Foraoise Dhomhnach Dheá
Light refreshments will be provided in Donadea Forest Café
Is imeacht trí Ghaeilge é seo
This is an Irish language event
Is imeacht do theaghlaigh é
This is a family event
#siuloidleteaghlaighchilldaralegaeilge
TRÁTH NA gCEIST SPÓIRT 2022






Bhí an chéad eagrán de Thráth na gCeist Spóirt Chill Dara le Gaeilge ar siúl oíche Dé Luain an 28 Samhain in Óstán an Town House i mBaile Nás na Ríogh. Ba chomórtas do chlubanna spóirt i gceantar na Sollán/Nás na Ríogh (líonra Gaeilge Chill Dara) é an comórtas seo.
Ba iad CLG na Sollan a thug an sciath leo ar an oíche agus a bhuaigh an chéad duais de €300 don chlub agus €50 euro an duine do na baill foirne – comhghairdeachas mór leo! Ceiltigh na Sollán a tháinig sa dara háit agus a thug duais €200 abhaile leo don chlub agus €30 an duine do na baill foirne. Ní hamháin siad ach ba iad baill d’fhoireann an chlub sacair a bhuaigh an dá spotdhuais leis – dhá dhearbhán do shiopa spóirt Colgans Naas . CLG Nás na Ríogh a tháinig sa tríú háit ach ní dheachaigh siadsan abhaile le pócaí folmha ach an oiread – thug siad €100 abhaile don chlub agus €20 ag gach duine acu.
The first edition of Cill Dara le Gaeilge’s soon-to-be annual Tráth na gCeist Spóirt took place on Monday 28th November in the Town House Hotel in Naas. The competition was open to sports clubs in the Naas/Sallins area (the Kildare Irish-language network).
Our heartiest congratulations to Sallins GAA took the firsts prize of a perpetual shield and €300 for the club and €50 for each team member. Sallins Celtic came in second place and took €200 back to there club and €30 for each team member. On top of that, two members of the Celtic quiz team won the two spot prizes on the night – two vouchers for Colgan’s sports shop. Naas GAA came in third place and they didn’t leave empty-handed – they won €100 for the club and €20 each.
Cill Dara le Gaeilge hope to organise this competition on a yearly basis and we hope to see even more clubs joining us next year, and to see Sallins GAA back to defend their title!
Míle buíochas to Colgan’s Naas for the spot prizes and to the staff at the Townhouse Hotel for hosting us.
Feiceálacht na Gaeilge
An 13 Deireadh Fómhair sheol Cill Dara le Gaeilge scéim nua darbh ainm “Feiceálacht na Gaeilge”. Scéim í seo a cuireadh ar bun mar chuid den phróiseas pleanála teanga i gContae Chill Dara agus a bhfuil mar aidhm léi an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí don phobal. Is ar ghrúpaí pobail atá an scéim dírithe agus tá an maoiniú á chur ar a fháil chun comharthaíocht i nGaeilge/comharthaíocht dhátheangach a chur in airde. Is é Foras na Gaeilge a thug an don scéim faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus is dírithe ar ghrúpaí pobail i líonra Gaeilge chontae Chill Dara* – ceantar na Sollán/Nás na Ríogh – amháin a bhí sé. Uasmhéid de €1,000 a bhí ar fáil d’aon ghrúpa amháin.
Tá an-áthas orainn go mbeidh ceithre ghrúpa ag baint tairbe as an scéim seo i mbliana agus táimid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú leo: CLG Nás na Ríogh, CLG na Sollán, Cumann na bhFear, Nás na Ríogh agus Grúpa bithéagsúlachta Nás na Ríogh. Beidh an chomharthaíocht ar crochadh roimh dheireadh na bliana agus táimid ag súil lena feiceáil sa cheantar!
*Cad is líonra Gaeilge ann? “Is é atá i gceist le líonra Gaeilge ceantar a bhfuil mais chriticiúil bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don teanga.” (www.gaelphobal.com).
On October 13th, Cill Dara le Gaeilge launched a new scheme entitled “Feiceálacht na Gaeilge”. This scheme was initiated as part of the language planning process in county Kildare, and the objective is to make the Irish language more visible to the public. The scheme is aimed at community groups to provide funding to install Irish-language or bilingual signage. It is being funded by Foras na Gaeilge under the Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge/Irish Language Networks Development Scheme and is for community groups in the Irish language network* in the Naas/Sallins area only.it A maximum of €1,000 was available as a grant to each group.
We are delighted that four local groups will be benefitting from the scheme this year and we are looking forward to cooperating with them: Naas GAA, Sallins GAA, the Men’s Shed, Naas and the Naas Biodiversity Group. The signage will be erected before the end of the year, and we are looking forward to seeing it in the area!
*What is an Irish-language network? “An Irish language network is a region in which a critical mass has been acheived with regards to public and state support for the language.” (www.gaelphobal.com)
StudyBase.com cláraithe mar bhall de Gnó Chill Dara

Chláraigh StudyBase mar bhall de Ghnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, ceanneagraíocht na Gaeilge i gcontae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le
gnólachtaí a ngnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge ina gcaidreamh lena
gcustaiméirí.
StudyBase has registered as a member of Gnó Chill Dara, a scheme
for businesses run by Cill Dara le Gaeilge, the lead organisation for the Irish language in County
Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of the Irish
language in their relations with their customers
Bargetrip.ie mar bhall de Gnó Chill Dara


Fógraíodh gur chláraigh Bargetrip.ie mar bhall de Gnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill
Dara le Gaeilge, ceanneagraíocht na Gaeilge i gContae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le
gnólachtaí a ngnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge in eispéireas a gcustaiméirí
It was announced that Bargetrip.ie has registered as a member of Gnó Chill Dara, a scheme
for businesses run by Cill Dara le Gaeilge, the lead organisation for the Irish language in County
Kildare. This scheme provides support to businesses to promote their business through the use
of Irish in their customers’ experience.
An scéim Tús Maith seolta ag Cill Dara le Gaeilge

Tá an scéim Tús Maith seolta anois ag Cill Dara le Gaeilge. Is pacáiste acmhainní agus seirbhísí é Tús Maith a ceapadh chun tacú le tuismitheoirí/caomhnóirí leanaí óga i gContae Chill Dara. Tháinig tuismitheoirí agus caomhnóirí le chéile i Leabharlann Nás na Ríogh Déardaoin seo caite chun seoladh Tús Maith a cheiliúradh. Chuala siad faoi go leor de na hacmhainní atá ar fáil dóibh ó na gaelscoileanna, gaelcholáistí agus eagraíochtaí ar nós Teanga Tí agus An Gúm.
Cuirfidh an scéim seo an Ghaeilge sa bhaile, an Gaeloideachas agus na hacmhainní tacaíochta chun cinn. Chomh maith leis sin, cuirfear ranganna/ceardlanna Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí/caomhnóirí a bhfuil páistí óga (suas go rang a dó) acu.
Cill Dara le Gaeilge has launched the Tús Maith scheme. Tús Maith is a package of resources and services designed to support parents/guardians of young children in County Kildare. Parents and guardians came together in Naas Library last Thursday to celebrate the launch. They heard of many of the resources available to them from their gaelscoileanna, gaelcholáistí and organisations such as Teanga Tí agus An Gúm.
This scheme will promote the Irish language at home, Irish-medium education and the available support resources. In addition, Irish classes/workshops will be provided for parents/guardians with young children (up to second class).
Caoimhe Ní Shúilleabháin ceaptha ina hOifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge

Is mian le Cill Dara le Gaeilge a fhógairt go bhfuil Oifigeach Feidhmiúcháin nua ceaptha ag an eagraíocht. Thosaigh Caoimhe Ní Shúilleabháin sa ról nua ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair. Is í Caoimhe an dara hoifigeach lánaimseartha atá ag obair le Cill Dara le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail i gContae Chill Dara. Léigh an preasráiteas thíos.
Cill Dara le Gaeilge are delighted to announce the appointment of Caoimhe Ní Shúilleabháin to the role of Executive Officer. Caoimhe joined Cill Dara le Gaeilge on the 1st September and is the organisation’s second full-time employee. Cill Dara le Gaeilge is a non-profit organisation whose aim is to promote the Irish language in Kildare. Read the press release below.
Alltype Ltd mar bhall de Gnó Chill Dara

Chláraigh Alltype Ltd mar bhall de Gnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, an ceanneagraíocht don Ghaeilge i gContae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a gcuid gnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge in eispéireas a gcustaiméirí. Lean an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil.
Alltype Ltd has registered as a member of Gnó Chill Dara, Cill Dara le Gaeilge’s business scheme, the lead organisation for the Irish language in County Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of Irish in the experience of their customers. Follow the link below for more information.
Café Grange agus Aroma Mocha mar bhaill de Gnó Chill Dara
Fógraíodh le deanaí gur chláraigh Café Grange agus Aroma Mocha mar bhaill de Gnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, an cheanneagraíocht don Ghaeilge i gContae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a gcuid gnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge in eispéireas a gcustaiméirí. Lean an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil.
It was announced recently that Café Grange and Aroma Mocha have registered as a member of Gnó Chill Dara, Cill Dara le Gaeilge’s business scheme, the lead organisation for the Irish language in County Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of Irish in the experience of their customers. Follow the link below for more information.
Helen Doyle Mind Coach
mar bhall de Gnó Chill Dara


Tá Helen Doyle Mind Coach cláraithe mar bhall de Gnó Chill Dara, an scéim ghnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, an ceanneagraíocht don Ghaeilge i gContae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a gcuid gnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge in eispéireas a gcustaiméirí. Lean an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil.
Helen Doyle Mind Coach has registered as a member of Gnó Chill Dara, Cill Dara le Gaeilge’s business scheme, the lead organisation for the Irish language in County Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of Irish in the experience of their customers. Follow the link below for more information.
Plean CLG Chill Dara don Ghaeilge Seolta | Kildare GAA’s Irish Language Plan Launched

Seoladh plean nua CLG Chill Dara don Ghaeilge an mhí seo ag cruinniú de chuid an chontae i bPáirc Naomh Connladh i nDroichead Nua. Tá an plean bunaithe ar thaighde a rinneadh ar staid na Gaeilge i measc CLG Chill Dara agus ar shuirbhé a cuireadh ar bhaill na gclubanna. Ag eascairt as an méid sin chuir Oifigeach Cultúir agus Gaeilge an Chontae, Séamus Ó Mídheach, moltaí os comhair Bhord na Chontae agus glacadh leo. Lean an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil.
Kildare GAA’s Irish language plan was ratified at a recent meeting of the county board in St Conleth’s Park, Newbridge. The plan is based on research conducted on the current state of the Irish language in Kildare GAA and on a survey conducted for members. Arising from those initiatives Kildare’s Irish language and Cultural Officer, Séamus Ó Mídheach, put a motion to the county board which was passed. Follow the link below for more information.
Scéim Gnó Chill Dara seolta!

Sheol Cill Dara le Gaeilge an scéim Gnó Chill Dara le Gaeilge. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a gcuid gnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge in eispéireas a gcustaiméirí. Tá an scéim ar fáil d’aon ghnó sa chontae, ach díreofar ar cheantar Nás na Ríogh/Na Sollán ar an gcéad dul síos.
Cuirfear comhairliúchán saor in aisce ar fáil do na gnólachtaí chomh maith le hiniúchadh ar bhealaí nua chun a ngnó a chur chun cinn. Gheofar comhairle maidir le feachtais mhargaíochta saincheaptha ag baint úsáid as ardáin ar líne agus na meáin shóisialta. Is deis den scoth é an scéim seo do ghnólachtaí a gcuid gnó a chur chun cinn agus nasc a chruthú leis an méid an suntasach daoine a úsáideann an Ghaeilge go rialta nó a bhfuil spéis acu sa teanga.
Cill Dara le Gaeilge launched the scheme Gnó Chill Dara. This scheme supports businesses that wish to promote their business using Irish in their customer experience. This scheme is available to all businesses in the county although the Naas/Sallins area will be the focus for the initial phase.
The businesses will receive a free consultation, exploring new ways to promote their business. Advice on tailored marketing campaigns using online platforms and social media will be available. This scheme offers an excellent opportunity for businesses to promote their business and to connect with the substantial number of people in the county who use Irish regularly or have an interest in the language.