Community Groups

Grúpaí Pobail

Sult na Sollán

Is eagras deonach é Sult na Sollán atá lonnaithe sna Solláin i gCo. Chill Dara, agus atá dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn chomh maith le ceol agus cultúr traidisiúnta na hÉireann a fhorbairt agus a chéiliúradh sa cheantar. Is eagras pobail iad atá oscailte do dhaoine de gach aois agus do dhaoine atá ar aon léibhéal cumais. Bíonn an bhéim acu ar uilechuimsitheacht, ar rannpháirtíocht chomh maith le taitneamh a bhaint as a n-imeachtaí uilig.

Sult na Sollán is a voluntary organisation based in Sallins, Co. Kildare, aimed at promoting the Irish language as well as developing and celebrating Irish traditional music and culture in the area. They are a community organisation open to people of all ages and people of any level of ability. Their emphasis is on inclusion, participation as well as enjoying all of their events. 

Gaeilge an Bhradáin

Is grúpa pobail é Gaeilge an Bhradáin a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn i gceantar Léim am Bhradáin. Fáilte roimh chách.

Gaeilge an Bhradáin are a community group that have been founded to promote the Irish Language and culture within the Leixlip area. All welcome.

Gaeilge Chois Bhearú

Is grúpa pobail é Gaeilge Chois Bhearú a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn i gceantar Bhaile Átha Í. Fáilte roimh chách. Déan teagmháil leo le tuilleadh eolais a fháil: gaeilgechoisbhearú@gmail.com 

Gaeilge Chois Bhearú are a community group that have been founded to promote the Irish Language and culture within the Athy area. All welcome. Contact them for more information: gaeilgechoisbhearú@gmail.com 

Gaeilge Nuada

Is grúpa pobail nua é Gaeilge Nuada a bunaíodh chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn i gceantar bardasach Mhaigh Nuad.

Gaeilge Nuada is a new community group established to promote the Irish language and culture in the Maynooth Area.

Glór an Churraigh

Is grúpa pobail é Glór an Churraigh a fhreastalaíonn ar an gceantar timpeall ar an gCurrach. Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa deiseanna a thabhairt do dhaoine sa cheantar a gcuid Gaeilge a úsáid nó a fheabhsú trí imeachtaí a eagrú sa cheantar.

Glór an Churraigh is a community group serving the area around The Curragh. The aim of the group is to provide opportunities for people in the area to use or improve their Irish by organising events in the area.

Grúpa sóisialta do theaghlaigh i gCill Dara a bhfuil suim sa Ghaeilge acu.
A social group for families in Kildare interested in the Irish language.

Teanga Tí

Is tionscadal de chuid Ghlór na nGael é an scéim Teanga Tí chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Tá suíomh gréasáin forbartha acu a ceapadh le bheith ina áis do thuismitheoirí. Soláthraíonn Teanga Tí comhairle faoi dhea-chleachtas, acmhainní tacaíochta agus spraoi, chomh maith le heolas faoi imeachtaí do theaghlaigh Ghaeilge.

Teanga Tí is a Glór na nGael project to support parents who are raising their children through Irish. They have a website designed as a resource for parents. Teanga Tí provides advice on best practice, support and fun resources, as well as information on events for Irish speaking families.