Uncategorized @ga

Buaiteorí ag Ardán 2026!!

Teanga do Chách: Baineann Cill Dara le Gaeilge aitheantas náisiúnta amach ag comórtas Ardán 2026 

Óstán Connachta, Co. Na Gaillimhe – 19 Meán Fómhair 2026. Bhain Cill Dara le Gaeilge bonn óir amach ag comórtas ‘Ardán’ de chuid Ghlór na nGael sa chatagóir ‘oideachas’. Is comórtas náisiúnta é Ardán do ghrúpaí pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta inar chuir 32 ghrúpa ó cheann ceann na tíre tionscadal i láthair na moltóirí in ocht gcatagóir éagsúla.  Chuir cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, Siobhain Grogan, in éineacht le hoifigeach feidhmiúcháin Fía Ní Chíosóig, an tionscadal ‘Teanga do Chách’ i láthair na moltóirí; gluaiseacht malartaithe cultúr, teangacha agus measa. 

Is é sprioc na gluaiseachta doirse a oscailt don Ghaeilge le haghaigh na ‘nua-Éireannach’. Mar chuid den ngluaiseacht seo, tá Cill Dara le Gaeilge ag reáchtáil ceardlanna teanga le cúpla bliain anuas. I rith Sheachtain na Gaeilge 2026, chuir Cill Dara le Gaeilge ceardlanna Gaeilge trí Bhéarla, trí Spáinnis, trí Pholannais agus ceardlann Seapáinise trí Ghaeilge ar siúl. Tá ról rí-thábhachtach ag scoláirí Ghaelcholáiste Chill Dara sa ghluaiseacht, agus iad ag glacadh ról cinnireachta i múineadh agus i reáchtáil na gceardlann.  

Seo mar a labhair Daithí Mac an Bháird, comhordaitheoir Teanga do Chách, faoi fhiúntas na gluaiseachta: ‘Tá sé ríthábhachtach dúinn i bpobal na Gaeilge go dtuigtear d’éinne nár rugadh nó nár tógadh in Éirinn gur leo siúd an Ghaeilge chomh maith. Ábhar mór ceiliúrtha agus lúcháire a bhíonn sna ceardlanna Teanga do Chách gach bliain agus meascán mór teangacha le cloisteáil. Táimid ar bís faoi na giotaí de chultúir eile a bheith le feiceáil, le cloisteáil agus le blaiseadh ag ócáidí Chill Dara le Gaeilge sna blianta romhainn.’ 

Ráiteas ó Shiobhain Grogan, Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge faoi thábhacht scoláirí Ghaelcholáiste Chill Dara sa ghluaiseacht agus faoi thodhchaí na gluaiseachta: 

Beidh todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na tíre faoi chúram daoine atá óg faoi láthair. Feicimid dóchas agus buanna iontacha ag an gcéad ghlúin eile. Tá siad inchurtha le cibé dúshlán atá os a gcomhair. Tá siad flaithiúil  lena gcuid scileanna agus nuair a chuireann siad iad i dtreo gluaiseacht mar seo, níl teorann ar bith faoin méid gur féidir leo baint amach. Mar chathaoirleach Chill Dara le Gaeilge agus iarmhúinteoir I nGaelcholáiste Chill Dara, ní féidir liom a bheith níos bródúla as an gcaidreamh cumhachtach agus éifeachtach idir an scoil agus an phobal.  Chun cabhrú leis an ngluaiseacht seo a láidriú, tá sé i gceist againn cruinniú ar líne a eagrú chun ár dtaithí a roinnt agus smaointe dhaoine eile a chloisteáil. Is teanga do chách í an Ghaeilge.’ 

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht, déan teagmháil le fia@cilldaralegaeilge.ie 



A Language for All: Cill Dara le Gaeilge wins gold at national competition ‘Ardán 2026’ 

Connaught Hotel, Galway – 19 September 2026. Cill Dara le Gaeilge has placed first in the ‘Education’ category at Glór na nGael’s competition, ‘Ardán’. Ardán is a national competition for Irish-language and Gaeltacht community groups, in which 32 groups from across the country presented projects to the judges across eight different categories. The Chairperson of Cill Dara le Gaeilge, Siobhain Grogan, together with Operations Officer Fía Ní Chíosóig, presented the project ‘Teanga do Chách’ (‘A Language for All’) to the judges. The project is a cultural and language exchange initiative.  

The aim of the initiative is to open doors to the Irish language for new comers to the community. As part of this initiative, Cill Dara le Gaeilge has been running language workshops for the past few years. During Seachtain na Gaeilge 2026, Cill Dara le Gaeilge organised Irish-language workshops delivered through English, Spanish and Polish, as well as a Japanese-language workshop delivered through Irish. Students from Gaelcholáiste Chill Dara play a hugely important role in the initiative, taking on leadership roles in the teaching and running of the workshops.  

  

Daithí Mac an Bháird, coordinator of Teanga do Chách, spoke about the value of the initiative:  

“It is extremely important to us in the Irish-language community that anyone who was not born or raised in Ireland understands that the Irish language belongs to them too. The Teanga do Chách workshops are a great source of celebration and joy every year, with a wonderful mix of languages being heard. We are excited about seeing, hearing and experiencing elements of other cultures at Cill Dara le Gaeilge events in the years ahead.”  

  

Statement from Siobhain Grogan, Chairperson of Cill Dara le Gaeilge, on the importance of students from Gaelcholáiste Chill Dara to the initiative and its future:  

“The future of the Irish language and the future of the country will be in the hands of people who are young today. We see hope and wonderful talents in the next generation. They are capable of meeting whatever challenges lie before them. They are generous with their skills, and when they put those skills towards an initiative like this, there is no limit to what they can achieve.  

As Chairperson of Cill Dara le Gaeilge and a former teacher at Gaelcholáiste Chill Dara, I could not be prouder of the strong and effective relationship between the school and the community.  

To help strengthen this initiative, we intend to organise an online meeting to share our experiences and hear the ideas of others. If you would like to take part in the initiative, contact Fía at fia@cilldaralegaeilge.ie.