Slán le Kate
Tar éis di seisiún álainn ceoil ar an ardán a dhéanamh i dteannta a páirtí Patrick ag Féile na Sollán, agus seisiún go hiomlán éagsúil eile a reáchtáil le Teidí agus scata breá páistí an lá dar gcionn, d’fhág Cill Dara le Gaeilge slán go tromchroíoch lenár gcara ildánach Kate Ní Raoghaill. Is as Baile Átha Í do Kate agus fuair sí a cuid oideachais ar fad trí Ghaeilge roimh di céim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sular thosaigh sí ag obair le Cill Dara go páirtaimseartha ó mhí an Mheithimh 2025 go dtí deireadh mhí Lúnasa 2026. Is ag obair leis na bunscoileanna agus le himeachtaí do dhaoine óga a bhí Kate don chuid is mó dá tréimhse le Cill Dara le Gaeilge. Rinne sí obair mhór ag cur na Gaeilge i láthair páistí bhunscoileanna Béarla na háite ar bhealach spraíúil taitneamhach, agus chuir a cuid samhlaíochta agus cruthaitheachta go mór gach imeacht a d’eagraigh sí. Ar roinnt de na rudaí a bhain Kate amach le linn a tréimhse linn bhí an duais a bhuaigh sí don imeacht teaghlaigh a d’eagraigh sí do Sheachtain na hOidhreachta 2025, cur i láthair iontach spéisiúil ar an nGaeilge agus Daonáireamh 1926 i gcomhthéacs Chill Dara, agus ba í a d’eagraigh agus a bhainistigh an chéad champa samhraidh de chuid Chill Dara le Gaeilge i mí Iúil na bliana seo. Agus dar ndóigh ní féidir gan a buanna ceoil a lua! Ghlac Kate agus a páirtí Patrick páirt i bhFéile Sráide 2025 i Nás na Ríogh agus i bhFéile na Sollán in 2025 agus 2026.
Duine dúthrachtach díograiseach dearfach í Kate agus a croí istigh sa Ghaeilge. Braithfimid uainn ár gcomhghleacaí lách mórchríoch agus gealgháireach agus guímid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoi MA sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí anois. Go n-éirí leat a Kate!
— Following a lovely music performance on stage with her partner Patrick at Féile na Sollán, and quite a different session with Teidí and a group of children the following day, Cill Dara le Gaeilge bid farewell with a heavy heart to our talented friend Kate Ní Raoghaill. Kate is from Athy and following her all-Irish primary and secondary school education, went on to gain a degree in Irish and English from DCU before starting working part-time with Cill Dara le Gaeilge from June 2025 to the end of August 2026. Kate worked mostly with local primary schools and with events for young children in her time with Cill Dara le Gaeilge. She did huge work bringing the Irish language to pupils in the local English-medium primary schools in an fun enjoyable way, and her creativity and imagination was a great addition to every event she organised. Amongst some of Kate’s achievements in her time with us were the prize she won for the family event she organised for Heritage Week in 2025, her interesting presentation on the Irish language and the 1926 Census in a Kildare context, and it was Kate who organised and managed Cill Dara le Gaeilge’s first summer camp in July of this year. And of course we can’t forget her musical talents! Kate and Patrick performed at the 2025 Féile Sráide in Naas and at Féile na Sollán in 2025 and 2026.
Kate is diligent, committed and positive with a great love for Gaeilge. We’ll miss our kind, bighearted and cheerful colleague and we wish her all the best with her MA in Nua Ghaeilge in UCC. Go n-éirí leat a Kate!