Urraíocht Chill Dara le Gaeilge ar Chath na mBannaí – comórtas bliantúil Scoil Uí Riada, Cill Choca
Cill Dara le Gaeilge sponsors of “Cath na mBannaí”, Scoil Uí Riada’s yearly competition
Bíonn comórtas idirscoile ceoil agus amhránaíochta Scoil Uí Riada “Cath na mBannaí” á reáchtáil chun an cultúr Gaelach a chothú i measc Gaelscoileanna i gCúige Laighean. Déardaoin an 20ú Márta 2025, chuir Scoil Uí Riada an comórtas bliantúil idirscoile ar siúl chun deis a thabhairt do pháistí bunscoile teacht le chéile agus a gcuid ceoil agus amhrán traidisúnta a chur chun cinn i mbealach taitneamh agus spraíúil. Bhí dhá chomórtas i gceist: Comórtas na mBannaí Ceoil ina raibh ar bhannaí ceoil d’uasmhéid 20 páiste idir 5-8 nóiméad de cheol leanúnach a sheinm, agus an Comórtas Amhránaíochta Córaí do chóir.
Scoil Uí Riada’s inter-school music and song competition “Cath na mBannaí” or “The Battle of the Bands” continues to promote Irish culture among Gaelscoileanna in Leinster. On Thursday 20th March 2025, Scoil Uí Riada ran the annual inter-school competition to give primary school children an opportunity to come together and promote their traditional music and song in a fun and enjoyable way. There were two competitions: one for music bands of a maximum of 20 children where they had to play 5-8 minutes of continuous music and another choral singing competition.
Ghlac seacht nGaelscoil páirt sna comórtais i halla Scoil Uí Riada i gCill Choca, Contae Chill Dara: ceithre scoil ó Chontae Chill Dara, scoil amháin ó Chontae Uíbh Fhailí agus ó Chontae na hIarmhí, agus thaistil scoil amháin ó Chontae Cheatharlach fiú. B’ócáid cheiliúrtha a bhí ann ar thraidisiúin láidir an chultúir Ghaelaigh a chothaítear mar chuid den Ghaeloideachas. B’iad Gaelscoil Nás na Ríogh a thug leo comórtas na mbannaí ceoil don dara bliain as a chéile, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc a tháinig sa dara háit agus b’iad Scoil Uí Riada a bhain an tríú háit amach. D’éirigh le Gaelscoil an Mhuilinn, den chéad iarracht dóibh, comórtas na gcór a thabhairt leo, agus Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc arís sa dara háit agus Gaelscoil Uí Fhiaich sa tríú háit.
Seven Gaelscoileanna took part in the competitions in Scoil Uí Riada in Kilcock, Co. Kildare: four schools from Co. Kildare, one school from Co. Offaly and Co. Westmeath, and one school even travelled from Co. Carlow. It was a celebration of the strong traditions of Irish culture fostered as part of Irish-medium education. Gaelscoil Nás na Ríogh won the Band competition for the second year in a row, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc came in second place and Scoil Uí Riada came third. Gaelscoil an Mhuilinn, in their first attempt, managed to win the choral competition with Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc again in second place and Gaelscoil Uí Fhiaich in third place.





