Gnó Chill Dara

Is ball nua de Ghnó Chill Dara é Coffee Dock

Fógraíodh inniu gur chláraigh Coffee Dock, caifé atá suite i stáisiún traenach na Sollán, mar bhall de Ghnó Chill Dara, an scéim gnó atá ag Cill Dara le Gaeilge, ceanneagraíocht na Gaeilge i gcontae Chill Dara. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a ngnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge ina gcaidreamh lena gcustaiméirí.

It was announced today that Coffee Dock, a coffee station located in Sallins Train Station, has registered as a member of Gnó Chill Dara. This is a scheme for businesses run by Cill Dara le Gaeilge, the lead organisation for the Irish language in County Kildare. This scheme supports businesses to promote their business through the use of the Irish language in their relations with their customers.

Bunaíodh Gnó Chill Dara chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a ngnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. Tá scéim gnó Chill Dara le Gaeilge oscailte do gach sórt gnó; ní gá don ghnó seirbhís iomlán i nGaeilge a chur ar fáil – tá gach tacaíocht ar fáil do ghnóthaí nach bhfuil acu ach an cúpla focal chomh maith. Cuirfimid ranganna Gaeilge agus pacáiste tacaíochta ar fáil ionas go mbeidh an gnó in ann páirt a ghlacadh sa scéim. Is scéim uilechuimistheach í Gnó Chill Dara agus tá fáilte roimh aon ghnó atá toilteanach an Ghaeilge atá acu a úsáid, páirt a ghlacadh sa scéim seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Cill Dara le Gaeilge was set up to provide support to businesses in the county that want to promote their business through the Irish language. The Cill Dara le Gaeilge’s Gnó Chill Dara scheme is open to all types of businesses; it is not necessary for businesses to provide a full service in Irish – every support is also available to help businesses that have limited Irish. We will provide access to Irish language classes and will also provide a starter support pack such that any business can take an active role in the scheme. Gnó Chill Dara is an inclusive scheme and any business that is willing to use the Irish that they have is welcome to join Gnó Chill Dara. More information is available here.