Dónall Ó Riagáin, 1941 – 2026
Is údar mór bróin dúinn go léir i gCill Dara le Gaeilge bás ár ndlúthchara, Dónall Ó Riagáin, a d’imigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo caite.
Bhí Dónall ina dhuine a d’fhág lorg domhain orainn mar eagraíocht agus mar phobal na Gaeilge i gCill Dara agus i bhfad i gcéin. Chaith sé a shaol ag saothrú ar son na Gaeilge, go deonach agus go proifisiúnta in Éirinn agus thar lear. Le linn a shaol oibre, bhí baint lárnach aige i bhFeachtas na Síniúchán 1963, Let the Language Live agus é ina stiúrthóir ar phostcheantar 12 i mBaile Átha Cliath. Feachtas ab ea seo ag na heagraíochtaí Gaeilge chun tabhairt ar an rialtas polasaí láidir i leith na Gaeilge a cheapadh.
Ba ghníomhaí díograiseach é le Conradh na Gaeilge agus é páirteach i gcraobhacha, ar choistí agus i gcothú saol cultúrtha na Gaeilge san ardchathair. Chaith sé tréimhse ag obair le Glór na nGael agus é ag obair go dlúth leis an tAthair Tomás Ó Fiach, ag taisteal na tíre le coistí a bhunú agus ag neartú pobal na Gaeilge. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Bhainisteoir ar scéimeanna Oideachais Ghael Linn, ag stiúradh tionscnaimh mhóra ar nós Slógadh, na comórtais dhíospóireachta, scoláireachtaí Gaeltachta agus obair na gcoláistí samhraidh.
Bhí tionchar an-dearfach ag Dónall ar chúrsaí teanga. Ceann dá mhóréachtaí ná go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Chrónáin i Ráth Chúil, áit ar chaith sé tréimhse mar chathaoirleach ar an mbord. Ní hamháin sin, ach sa bhliain 1984, bhí sé i measc bunaitheoirí an Bureau Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, áit ar lean sé ar aghaidh ag cur chun cinn cearta teanga ar leibhéal Eorpach go dtí 2001.
Ó bunaíodh Cill Dara le Gaeilge mar chomhlacht neamhbhrabúis in 2017, bhí Dónall linn agus é ar dhuine de na guthanna is luaithe agus is tábhachtaí a thug tacaíocht, spreagadh agus treoir dúinn. Bhí creideamh láidir aige deiseanna a chur ar fáil le pobail na Gaeilge a thabhairt le chéile, lena fhorbairt agus d’fhág sé a rian orainn i slí ciúin ach suntasach. Bhí sé ina chuid lárnach dár mbord ó na blianta tosaigh go dtí deireadh na bliana 2025. Níor seas sé siar riamh ón obair ná ón bhfreagracht i leith na teanga sa gcontae. Bhí a chomhairle luachmhar, a chuid smaointe praicticiúil, agus a thiomantas don Ghaeilge ina chuid dhílis dár gcuid oibre agus dár bhfás mar eagraíocht.
Ar leibhéal áitiúil, bhí Dónall agus a bhean Treasa mar chuid lárnach de shaol na Gaeilge i Nás na Ríogh. Thuig siad beirt an tábhacht agus na buntáistí a bhain le páistí a thógáil le Gaeilge agus an tionchar dearfadh a d’fhéadfaí a bheith ar phobal nuair a thógtar páistí le Gaeilge. B’iad cuid de na tuismitheoirí ar Bhóthar Ráth Easair, áit ar tógadh páistí le Gaeilge i gceithre theach béal dorais dá chéile – pobal beag ach cumhachtach a léirigh go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith beo mar ghnáththeanga teaghlaigh agus pobail. B’iontach na heismealáirí iad do theaghlaigh morthimpeall orthu nach iad a bhíodh bródúil nuair a chloisfidís daltaí scoile ag imeachtaí agus iad ag labhairt Gaeilge lena chéile.
Is mór an tionchar a bhí aige orainn, ní hamháin trí obair fhoirmiúil an bhoird, ach trína chairdeas, a dhílseacht don teanga agus a chreideamh i bpobal láidir Gaeilge.
“Bhí Dónall Ó Riagáin ar dhuine de na daoine is spéisiúla ar bhuail mé leis riamh. Nuair a bhí sé ag caint, bhí gach duine ag iarraidh éisteacht leis. Bhí scéalta aige faoi rudaí ná chuala mé futhu riamh; ach is iad na scéalta a chuala mé faoin méid a rinne sé féin ar son ár dteanga agus ar son mionteangacha timpeall an domhain, sin scéalta a chuala mé ó dhaoine eile, mar fhear ciúin modhúil ab ea é. Tá laoch ar lár gan amhras. Go raibh leaba i measc na Naomh ag Dónall”, a dúirt Siobhain Grogan, Cathaoirleach, Cill Dara le Gaeilge.
Thar ceann Cill Dara le Gaeilge agus phobal na Gaeilge i gCill Dara, ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean Treasa, lena iníonacha Íde agus Béibhinn agus le gaolta agus cairde Dhónaill a aireoidh uatha go mór é.
Beannacht Dé le hanam uasal Dhónaill Uí Riagáin.

