Gnó Chill Dara

Dearcadh na dTomhaltóirí i leith na Gaeilge | Consumer Attitudes to the Irish LanguageDearcadh na dTomhaltóirí i leith na Gaeilge

D’oibrigh Gaelchultúr in éineacht le Amárach Research chun scrúdú a dhéanamh ar an luach tráchtála a chuireann tomhaltóirí ar an nGaeilge in iarrachtaí brandála agus margaíochta.

Gaelchultúr partnered with Amárach Research to examine the commercial value consumers place on the Irish language in branding and marketing efforts.

Níl anseo ach cuid de na torthaí | Here are just some of the findings:

  • Dúirt 73% de na freagróirí go nglacann siad leis, nuair a úsáideann cuideachta Gaeilge ina gcuid margaíochta, go bhfuil an chuideachta áitiúil nó faoi úinéireacht Éireannach.
  • 73% of respondents have stated that when a company use Irish in their marketing, they assume that the company is local or Irish-owned.
  • In ainneoin nach bhfuil mórán Gaeilge nó Gaeilge ar bith ag níos mó ná 50% de na rannpháirtithe, dúirt 59% de na freagróirí gur maith leo gnólachtaí a fheiceáil ag déanamh cumarsáide trí Ghaeilge ina gcuid margaíochta agus fógraíochta.
  • Despite over 50% of participants having little or no Irish, 59% of respondents stated that they like seeing businesses communicating through Irish in their marketing and advertising.
  • Dúirt 41% de na freagróirí gur mhó an seans go gceannóidís táirgí nó seirbhísí a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid margaíochta.
  • 41% of respondents stated that they were more likely to purchase products or services that use Irish in their marketing.
  • Léirigh 26% de dhaoine go raibh siad toilteanach níos mó a íoc as táirge nó seirbhís a chuimsíonn an Ghaeilge ina meascán margaíochta.
  • 26% of people expressed a willingness to pay more for a product or service that includes the Irish language in their marketing mix.

Féach torthaí an tsuirbhé ina n-iomláine thíos | Check out the survey findings in their entirety below