Cuairt Fhoras na Gaeilge ar Nás na Ríogh agus ar na Solláin, Co. Chill Dara
Foras na Gaeilge’s visit to Naas and Sallins, Co. Kildare
Thug Foras na Gaeilge cuairt ar Nás na Ríogh agus ar na Solláin níos luaithe sa mhí. Thosaigh an lá le sólaistí in Óstán Lawlor’s, Nás na Ríogh. Rinneadh cur i láthair don lucht éisteachta maidir le hobair foireann Fhoras na Gaeilge. Tá ról ag Foras na Gaeilge comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ar ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge.
Foras na Gaeilge visited Naas and Sallins earlier this month. The day began with refreshments in the Lawlor’s Hotel, Naas. A presentation was made to the audience about the work of Foras na Gaeilge staff. Foras na Gaeilge has a role in advising
government, North and South, and other public bodies and groups in the private and voluntary sectors in all matters relating to the Irish language.
Thug an chuairt, agus cainteanna ó bhaill foirne agus ó choiste de chuid Chill Dara le Gaeilge léargas an-mhaith do bhaill foirne Fhoras na Gaeilge ar an méid is féidir a bhaint amach le tacaíocht ón Fhoras Thuaidh Theas, ach ceannasaíocht láidir a
bheith ann go háitiúil don Ghaeilge, fís straitéiseach agus tacaíocht ón phobal agus ó ghrúpaí áitiúla ar nós na leabharlainne áitiúla.
The visit, together with talks from Cill Dara le Gaeilge language staff and committees, gave Foras na Gaeilge staff a very good insight into what can be achieved with the support of Foras North and South, with strong leadership locally for the Irish language, a strategic vision and support from the community and local groups such as the local library.







