Pleanáil Teanga

Seoladh an dara Plean don Ghaeilge i gContae Chill Dara 2024-2030

Second Plan for the Irish Language launched in County Kildare 2024-2030

Is cúis mhór áthais agus bhroid é do Chill Dara le Gaeilge seoladh an dara plean teanga don chontae, “Plean don Ghaeilge i gContae Chill Dara 2024-2030” a fhógairt. Cloch mhíle é seoladh an phlean seo do Chontae Chill Dara ós rud é nach bhfuil plean teanga contae scríofa ag contae ar bith eile sa tír go dtí seo. Ag labhairt dóibh ag an seoladh in Áras Chill Dara an 19 Samhain, dúirt an Comhairleoir Joe Neville, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Chill Dara, gur spreagadh é an plean seo dó féin go pearsanta tuilleadh Gaeilge a úsáid, agus mhol Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge go hard an obair cheannródaíoch atá ar siúl ag Cill Dara le Gaeilge.


Cill Dara le Gaeilge are delighted to announce the launch of the second language plan for Irish for the county – “Irish language plan for County Kildare 2024-2030”. The launch of this second language plan is a milestone for County Kildare given that no other county in the country has written a county language plan to date. Speaking at the launch in the County Council headquarters, Áras Chill Dara, on the 19th November, Councillor Joe Neville, Chair of Kildare County Council, said that the plan was encouragement for himself personally to use more Irish, and Regina Uí Chollatáin, Chairperson of Foras na Gaeilge praised the pioneering work of Cill Dara le Gaeilge.