Scoil Merriman / An Bhladhm Bheo – Mná Chill Dara le Bríd
Tháinig Scoil Gheimhridh Merriman chuig contae Chill Dara den chéad uair riamh i Mí Eanáir 2024. Deireadh seachtaine taitneamhach, spreagúil a bhí ann i Nás na Ríogh. Is in Óstán Lawlor’s a bhí formhór na n-imeachtaí ar siúl. Oidhreacht Bhríde an téama tráthúil a pléadh ag an Scoil i mbliana ag teacht leis an gcomóradh ar 1,500 bliain ó bhásaigh Bríd. Ba é an saineolaí teanga, Dónall Ó Riagáin, ball de bhord Chill Dara le Gaeilge, a d’oscail an Scoil go hoifigiúil. Cíoradh ábhair a bhaineann le saol Bhríde trí chainteanna, seimineár, turas agus taibhléirithe a cuireadh i láthair ó bhéal, i bhfoirm ceoil agus le scannán nua ar Bhríd.
Merriman Winter School arrived in County Kildare for the first time ever in January 2024. It was an enjoyable and exciting weekend in Naas. Most events took place in the Lawlor’s Hotel. Brigid’s legacy is the topical theme discussed by the School
this year in line with the commemoration of the 1,500 years since Brigid’s death. The school was officially opened by the Irish language expert Dónall Ó Riagáin, a member of the board of Cill Dara le Gaeilge. Topics relating to the life of Brigid were
explored through talks, seminars, tours and performances presented orally, in the form of music and by a new film on Brigid.
Seoladh an gearrscannán, An Bhladhm Bheo: Mná Chill Dara le Bríd, á chur i láthair ag Cill Dara le Gaeilge, mar chuid d’imeachtaí an deiridh seachtaine. Léiriú d’ard-chaighdeán sa scannán, a thugann ardán do mhná Chill Dara scéal Bhríde a insint. Bhí Treasa Uí Riagáin, baill de bhord Chill Dara le Gaeilge i measc na rannpháirtithe. Tá an scannán ar fáil thíos.
The short film, An Bhladhm Bheo: Mná Chill Dara le Bríd, was launched, presented by Cill Dara le Gaeilge, as part of the weekend’s events. A high quality film which gives Kildare women a platform to tell the story of Brigid. Among the participants was Treasa Uí Riagáin, a board member of the Cill Dara le Gaeilge. The film is now available online below.
Maoiníodh an gearrscannán faoin scéim Bríd 1500. Is clár imeachtaí é Bríd 1500 chun ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar Naomh Bríd, a beatha agus a hoidhreacht, ar bhealach leathan, saibhir. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://brigid1500.ie/
The short film was funded under the 1500 Bríd scheme. Bríd 1500 is a programme of events to celebrate and commemorate St Brigid’s life and heritage, in a broad and rich way. Further information is available here: https://brigid1500.ie/







