Language planning

Pleanáil Teanga

Chuir Sult na Sollán agus Cill Dara le Gaeilge tús leis an bpróiseas pleanála teanga go luath in 2017 le sraith cruinnithe chun ionchur a fháil ón bpobal i gContae Chill Dara. D’fhreastail thart ar chaoga duine ar chruinniú poiblí an 13 Meitheanmh 2017 sna Solláin agus bhí neart díospóireachta agus neart plé ann ón lucht féachana a bhí i láthair. Bhí béim ar cheithre ábhar faoi leith ag an gcruinniú – stádas na teanga, deiseanna foghlama, deiseanna cainte agus feiceáilteacht na teanga.

Lean an grúpa pleanála ar aghaidh ina dhiaidh sin ag bailiú comhairle ó phríomhpháirtithe leasmhara an phobail. Foilsíodh dréacht den phlean agus rinneadh go leor leasuithe ar bhonn an aiseolais a tugadh don ghrúpa pleanála i rith na tréimhse sin.

Faoi dheireadh, foilsíodh an chéad phlean teanga do Chontae Chill Dara i mí Feabhra 2019 in Áras Chill Dara, Ceanncheathrú Chomhairle Contae Chill Dara. Plean cúig bliana atá ann don tréimhse 2019-2023. Tá cóip den phlean agus sonraí faoin seoladh ar fáil thíos.

Sult na Sollán and Cill Dara le Gaeilge began the language planning process in early 2017 with a series of meetings to gather input from the public in County Kildare. Approximately fifty people attended a public meeting on 13 June 2017 in Sallins with plenty of debate and discussion from the audiences in attendance. Among the presentations on the night was the emphasis on four specific topics – the status of the language, opportunities for learning, speaking opportunities, and visibility of the language.

The planning group continued to work to gather advice from key community stakeholders. A draft of the plan was published and much revision was made as a result of the feedback provided to the planning group during this period.

Finally, the first language plan for County Kildare was published in February 2019 in Áras Chill Dara, Kildare County Council HQ. This is a five-year plan for the period 2019-2023. A copy of the plan and details of the launch are available below.

Ceardlanna Pleanála Teanga

Tá tús curtha ag Cill Dara le Gaeilge (CDleG) le plean teanga seacht mbliana le haghaidh chontae Chill Dara. Cuireadh an chéad phlean teanga don chontae le chéile don tréimhse 2019-2023 agus ba é an chéad phlean teanga contae a scríobhadh riamh sa tír é.
I mí na Bealtaine, d’eagraigh CDleG sraith ceardlann leis na grúpaí áitiúla Gaeilge sa chontae chun próiseas na pleanála teanga a phlé. Tugadh cuireadh don phobal i gcoitinne freastal ar na ceardlanna sin. Ceardlanna idirgnhíomhacha a bhí iontú, inar pléadh fís agus féideartachtaí don Ghaeilge sa chontae.
Bhailigh na coistí áitiúla an t-eolas agus na tuairimí a tháinig chun cinn sna ceardlanna. Cuirfear an t-eolas sin san aireamh sa chéad phlean teanga eile. Seolfar an plean teanga ag Meitheal Chill Dara 2024 (i rith Sheachtain na Gaeilge).
Cill Dara le Gaeilge (CDleG) has begun to put together a seven-year language plan for County Kildare. The first language plan for the county was published for the period 2019-2023 and it was the first county language plan ever written in the country.
In May, CDleG organised a series of workshops with local Irish language groups in the county to discuss the language planning process. The workshops were open to the winder public. The workshops were interactive, discussing the vision and possibilities for the Irish language in the county.
The local committees compiled the information from the workshops and this information will be included in the next language plan. The new language plan will be launched at Meitheal Chill Dara 2024 during Seachtain na Gaeilge.

Seoladh phlean teanga Chontae Chill Dara, 28 Feabhra 2019

County Kildare language plan launched, 28 February 2019

D’fhoilsigh an tAire Stáit in 2019 Seán Kyne plean teanga cúig bliana (2019 – 2023) don Ghaeilge i Co. Chill Dara an 28 Feabhra 2019. Ina chuideachta sa ghriangraf seo tá Siobhain Grogan, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Sult na Sollán agus Fergus Carpenter, Cathaoirleach Shult na Sollán (2019). Seoladh plean cúig bliana Shult na Sollán in Áras Chill Dara, Nás na Ríogh.
Minister of State for The Irish Language in 2019 Seán Kyne published a five-year language plan (2019 – 2023) for the Irish language in Co. Kildare on 28 February 2019. He is joined in this photograph by Siobhain Grogan, Chairperson of Coiste na Gaeilge, Sult na Sollán and Fergus Carpenter, Chairperson of Sult na Sollán (2019). The launch of the Sult na Sollán Five Year plan in Aras Chill Dara, Naas.
Éist le hagallamh raidió le Daithí de Faoite, Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge ag labhairt faoi sheoladh an phlean.
Listen to a radio interview with Daithí de Faoite, Cathaoirleach of Cill Dara Gaeilge speaking about the launch of the plan.
Agallamh i mBéarla le Siobhain Grogan ag caint le Clem Ryan ag KFM faoin bplean teanga.
English language interview with Siobhain Grogan talking to Clem Ryan at KFM about the language plan.

Meitheal Chill Dara

Mar chuid den phróiseas pleanála i gcontae Chill Dara, eagraítear comhdháil faoin bplean i rith Sheachtain na Gaeilge. Tugtar cuireadh do phobal na Gaeilge i gContae Chill Dara freastal ar Mheitheal Chill Dara, imeacht a tharlaíonn ag tús mhí Márta chun na deiseanna atá ann don phobal a phlé agus chun gréasáin nua a fhorbairt. I Márta 2020 a bhí an chéad Mheitheal faoi phleanáil teanga a eagraíodh sa chontae. Tugann an Mheitheal deis iontach do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga/soláthraithe seirbhísí agus d’éinne a bhfuil spéis acu i ndul chun cinn na Gaeilge casadh le daoine eile atá ag obair leis an teanga i gContae Chill Dara.

As part of the planning process in County Kildare, an annual Irish language conference is organised during Seachtain na Gaeilge. The Irish language community in County Kildare is invited to attend Meitheal Chill Dara, an event organised in early March to review progress discuss the opportunities and develop new networks. The first ever Irish language conference was organised in the county in March 2020.

Meitheal Chill Dara gives the Irish language community, language activists/service providers and anyone with an interest in the promotion of Irish a great opportunity to meet with others working with the language in County Kildare.

Cad atá i gCeist le Pleanáil Teanga?

What is Language Planning?

Seo sraith físeán ó Ghlór na nGael a dhéanann cur síos ar an bpróiseas pleanála.

Here is a series of videos from Glór na nGael describing the planning process: