Uncategorized @ga

Fáilte roimh Ben!

Dia is muire daoibh a chairde is mise Ben Ó Cinnseamáin, mac léinn in Ollscoil Mhá Nuad agus Oifigeach Feidhmiúcháin nua le Cill Dara le Gaeilge. Ar an drochuair bhí ar Kate bogadh ar aghaidh agus máistreacht a dhéanamh agus anois beidh sibh sáinnithe liom féin le píosa. 

Déiseach bródúil is ea mé agus muna n-aithníonn sibh é sin o mo chuid cainte is cinnte go n-aireoidh sibh é sna hamhráin a bhíonn á rá agam. Bhí an-suim agam sa Ghaelainn ó bhíos óg, ach ní go cúpla bliain ó shin ar thosnaigh mé ag plé leis an teanga mar theanga í féin. Ní raibh puinn Gaelainne agam ar scoil go dtí gur dhein mé ranganna breise don Teastas Sóisearach is do lean siad ar aghaidh don Ardteist leis! Is buíochas leis an Scéim Chónaithe agus Cuallacht Cholmcille san ollscoil a bhfuil baint chomh mór ag an nGaelainn le mo shaolsa anois. Ó thosnaigh mé ar an ollscoil d’fhoghlaimíos carn amhrán sean-nóis, rince seit, is níl ach Dún na nGall fágtha agam ar chamchuairt na nGaeltachtaí. Ní bréag atá mé ag rá nuair a deirim nach gcreidfeadh Ben óg gurb é seo a bhí roimhe. Is dócha go léiríonn sé sin gur féidir le gach aoinne tús a chur le foghlaim na Gaelainne agus cá bhfios… b’fhéidir gur tusa an chéad Oifigeach Feidhmiúcháin eile. 

Deireann gach aoinne go bhfuil mé an-chúramach fé láthair, agus is dócha go bhfuil an ceart acu. Táim i mbliain na céime anois, i mbun staidéir ar an Nua-Ghaelainn is an Spáinnis, agus chomh maith leis an gceapachán nua so, beidh mé mar stiúrthóir ar dhráma an Chumainn Ghaelaigh. Thosnaíos ranganna ar an mbosca ceoil le craobh CCÉ Má Nuad, agus bím i gcónaí ag lorg deiseanna rince thimpeall na háite – bíodh sin seiteanna, jiveáil, nó sean-nós. Is léir go mbeidh orm cúpla coinnle a lasadh thart ar aimsir na scrúdaithe. 

Tá an-suim agam sa phleanáil teanga, agus an tábhacht a bhaineann le hobair dhian an phobail ann, agus nuair a mhol Kate dom cur isteach ar iar phost léithí ní raibh an tarna rogha agam ach an deis a thapú. Táim ag tnúth go mór le bualadh libh go léir agus le cúnamh Dé, cúpla steip a mhúineadh daoibh leis!