- This event has passed.
Ceardlann scríbhneoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta/Writing workshop for adult learners
Ar mhaith leat do chuid Gaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach? Tapaigh an deis le Cill Dara le Gaeilge agus Fighting Words!
Beidh Bríd-Treasa ó Fighting Words (www.fightingwords.ie) linn i Leabharlann Nás na Ríogh an 15 Bealtaine 2025 chun ceardlann scríbhneoireachta a chur ar siúl do dhaoine fásta. Deis is ea an cheardlann seo le tabhairt faoin scéalaíocht i scríbhinn ar bhealach an-neamhfhoirmiúil agus beagán spraoi a bheith agat leis. Cruthóidh tú carachtar agus scéal nua i dtimpeallacht thacúil agus ní gá aon imní a bheith ort faoi bhotúin ná easpa stór focal – táimid ann le cabhrú leat agus le foghlaim le chéile! Ní gá aon taithí scríbhneoireachta a bheith agat le freastal ar an gceardlann ach an oiread, agus beidh seans agat a bheith ag cruthú le grúpa agus/nó as do stuaim féin.
Cuirtear fáilte roimh gach cumas Gaeilge, foghlaimeoirí san áireamh!
Is imeacht saor in aisce é seo ach ní mór clárú roimh ré.
—
Bríd-Treasa from Fighting Words will be with us in Naas library on 15 May 2025 to host a writing workshop for adults. This workshop will be an opportunity to approach storytelling in a fun and informal way. You will have the opportunity to create characters and a storyline in a supportive environmnet – no need to worry about mistakes or a lack of vocabulary, we’re there to help and to learn together! You do not need to have any writing experience to attend and you’ll have a chance to create in a group and/or on your own.
This is an Irish language event, but all abilities of Irish will be welcome in this workshop, learners included!
https://www.tickettailor.com/events/cilldaralegaeilge/1651539?
This is a free event, but registration is required.


