The Dental Rooms
Ainm an Chuideachta | Company Name: The Dental Rooms
Seoladh Suíomh Gréasáin | Website
Address: https://dentalrooms.ie/
Seoladh R-phoist | E-Mail Address: info@dentalrooms.ie
Uimhir Gutháin | Phone Number: +353 045 871733
Tuilleadh Eolais
More Information
Is fiaclóir a bhfuil taithí fhairsing aici í an Dr. Róisín Brady, agus is i Nás na Ríogh atá sí lonnaithe. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í, agus fuair sí a cuid oideachais bunscoile agus meánscoile trí mheán na Gaeilge. Rinne sí staidéar ar an bhFiaclóireacht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. A bhuí lena gairm bheatha tá sí tar éis taistil ar fud na hÉireann, Shasana agus na Stát Aontaithe, áit ar bhain sí céim mháistreachta amach agus ar chuir sí go mór lena cuid eolais ar an réimse seo.
Tá an Dr. Brady tiomanta go láidir do chúram othar agus do bharr feabhais a bhaint amach ina saol gairmiúil, agus baineann sí leas as a cuid taithí idirnáisiúnta chun tairbhe dá cleachtas.
Lasmuigh den obair, bíonn an Dr. Brady gnóthach lena saol teaghlaigh – tá triúr mac aici, beirt acu atá ag freastal ar an ollscoil agus duine amháin atá fós ar scoil, chomh maith leis an madra teaghlaigh. Is mór acu an t-am a chaitheamh le chéile mar theaghlach, agus baineann sí taitneamh as cothromaíocht a aimsiú idir an saol gairmiúil agus pearsanta.
Gaeilge agus fáilte!
Dr Róisín Brady is a dentist with a wealth of experience located in Naas, county Kildare. A Dublin native, she completed her primary and secondary education through the medium of Irish. She studied dentistry in Trinity College Dublin. Her career has brought her all over Ireland, England and the United States, where she received her masters degree and added greatly to her knowledge of the area.
Dr. Brady is strongly committed to patient care and professional excellence, and she brings her international experience to benefit her practice
Outside of work, Dr. Brady is busy with her family life. She has three sons, two attending university and one still in secondary school, as well as the family dog. They greatly value spending time together as a family, and she enjoys finding balance between her professional and personal life.
Gaeilge agus fáilte!