Bargetrip limited

Ainm an Chuideachta | Company Name Bargetrip limited
Seoladh | Address Grand Canal Harbour
Na Solláin, Co. Chill Dara
Suíomh Gréasáin | Website https://www.bargetrip.ie/
Uimhir Ghutháin | Phone Number 0876465465
Ríomhphost | Email info@bargetrip.ie

Tuilleadh Eolais
More Information

Gheobhaidh tú blaiseadh den Chanáil Mhór mar is
ceart ach dul ar chrús suaimhneach ar bháirse
traidisiúnta athchóirithe Bargetrip.ie.Contae na
gCanálacha a thugtar ar chontae Chill Dara
agus tá 120 km d’uiscí socra ag sní tríd an
tírdhreach agus ag nascadh a bhailte agus a
shráidbhailte. Imíonn na crúsanna ó Chuan na
Sollán nach bhfuil ach 30 nóiméad ó lár
chathair Bhaile Átha Cliath ar an traein agus
atá suite in aice le mótarbhealach an M7.
Tá an báirse ar fáil do chrúsanna
príobháideacha do ghrúpaí lá ar bith den
tseachtain agus bíonn suas le 6 chrús ann gach
lá ag an deireadh seachtaine. Báirse uileaimsire téite atá ann agus tá beár ar bord!
Tabharfaidh an Captaen léargas uathúil duit ar
shaol agus ar stair na Canála Móire agus an
báirse ag déanamh a shlí trí chontae Chill Dara.
Is féidir leat crús gearr uair an chloig a
dhéanamh chomh fada le hUiscerian Laighean
áit a dtrasnaíonn an chanáil abhainn na Life,
nó crús 2.5 uair an chloig a dhéanamh trí Loc
Digby áit a bhfeicfidh tú loc canála ón ochtú
haois déag ag feidhmiú.
Tá seirbhís beáir ar bord agus tá rogha
beoracha ceirde ann a ghrúdaítear go háitiúil.
Sa samhradh bíonn dhá thuras oíche 1.5 uair
an chloig chuig Loc Mhic Riabhaigh. Ina dhiaidh
sin, is féidir leat taitneamh a bhaint as béile i
gceann de na bialanna cois canálach i
sráidbhaile na Sollán.
Tá ceadúnas do 12 phaisinéir ag an mbáirse
M.V. Amo ón Roinn Iompair agus
Turasóireachta. Tá suíocháin amuigh faoin aer
ar na deiceanna oscailte ag tosach agus ag
deireadh an bháirse. Tá sé an-chompordach
taobh istigh agus neart suíochán, leithris agus
sorn dóite adhmaid ann. Bíonn crúsanna
sceidealta ó mhí an Mhárta go mí Dheireadh
Fómhair agus ní mór áirithint a dhéanamh
roimh ré.

Experience the Grand Canal the way it
was intended and take a leisurely cruise
on a restored traditional Canal Barge
with Bargetrip.ie. Kildare is known as the
Canals County with 120 km of still
waters crossing its landscape and linking
its towns and villages. Cruises operate
from Sallins Harbour which is only 30
minutes from Dublin city centre by train
and is located just off the M7 motorway.
The barge is available for private charter
cruises for groups any day of the week
and operates up to 6 scheduled cruises
daily at weekends. It’s a heated, all
weather barge with a bar on-board!
The Captain will give you a unique insight into the life and history of the
Grand Canal as it winds its way through
the county Kildare countryside. You can
choose a short one hour cruise to the
Leinster Aqueduct where the canal
crosses over the River Liffey, or a 2.5
hour cruise through Digby Lock where
you’ll experience the workings of an
eighteenth century canal lock.
There is bar service on-board serving a
selection of locally brewed craft beers
and in summer there are two 1.5 hour
evening cruises to McCreevey’s Lock.
Afterwards you can enjoy a meal in one
of the waterfront restaurants in Sallins
village.
The M.V. Amo Barge is licensed by the
Department of Transport and Tourism
for 12 passengers. There’s outdoor
seating on the open decks at the bow
and stern and it has a very comfortable
interior with ample seating, toilet
facilities and a wood-burning stove.
Scheduled cruises operate from March
to October and advance booking is
essential.

Na Meáin Shóisialta
Social Media

Facebook: @bargetrip.ie https://www.facebook.com/bargetrip.ie
Instagram: @bargetrip https://www.instagram.com/bargetrip/

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.