About Us

Eolas Fúinn

Is comhlacht teoranta neamhbhrabúis é Cill Dara le Gaeilge. Bunaíodh Cill Dara le Gaeilge in 2017 agus tá sé lonnaithe sna Solláin/Nás na Ríogh. Is iad na aidhmeanna seo a leanas atá ag ár gcomhlacht:

  • Pleanáil teanga don Ghaeilge i gCo. Chill Dara
  • Cur chun cinn na Gaeilge mar theanga pobail sa chontae agus go háirithe i gceantar uirbeach Nás na Ríogh
  • Tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a gcuid gnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge
  • Cultúrlann Chill Dara a fhorbairt mar áis traschontae chun an cultúr traidisiúnta Gaelach agus an Ghaeilge a chur chun cinn.
Cill Dara le Gaeilge is a non-profit limited company. Cill Dara le Gaeilge was established in 2017 and is based in Sallins/Naas. Our company has the following aims:
  • Language planning for Irish in Co. Kildare
  • Promotion of Irish as a community language in the county particularly in the urban area of Naas
  • Provide support to businesses in the county who wish to promote their business through the medium of Irish
  • Development of Cultúrlann Chill Dara as a cross-county facility to promote Irish traditional culture and the Irish language
  • Cuir aithne ar Chaoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge

    Thosaigh Caoimhe le Cill Dara le Gaeilge i Meán Fomhair 2022. Seo agallamh gairid a rinne sí le Mairéad Ní Neachtáin as PodScéalta Chill Dara agus í ag déanamh cur síos ar a ról san eagras.

    Caoimhe joined Cill Dara le Gaeilge in September 2022. This is a short interview that she did with Mairéad Ní Neachtáin of PodScéalta Chill Dara as she describes her role in the organisation.

    Tá naonúr ar bhord stiúrtha Chill Dara le Gaeilge i láthair na huaire:

    • Siobhain Grogan (Cathaoirleach)
    • Eithne Ní Fhlathartaigh (Rúnaí)
    • Dara Ó Maitiú (Cisteoir)
    • Daithí de Faoite (Leaschathaoirleach)
    • Mairéad Ní Neachtáin
    • Séamus Ó Ceannainn
    • Seán de Paor
    • Aoife Pluincéid
    • Máire McCafferty

    There are currently nine people on Cill Dara le Gaeilge’s board of directors:

    • Siobhain Grogan (Cathaoirleach – Chair)
    • Eithne Ní Fhlathartaigh (Rúnaí – Secretary)
    • Dara Ó Maitiú (Cisteoir – Treasurer)
    • Daithí de Faoite (Leaschathoirleach – Vice-chair)
    • Mairéad Ní Neachtáin
    • Séamus Ó Ceannainn
    • Seán de Paor
    • Aoife Pluincéid
    • Máire McCafferty

    Cuir aithne ar Fhía Ní Chíosóig, Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge

    Is ciarraíoch bródúil ó Dhúchas Fía atá ag cur fúithi i gContae Chill Dara le blianta beaga annuas. Tháinig Fía chugainn i gCill Dara le Gaeilge i mí Iúil 2025 tar éis di céim onóracha a bhaint amach sa Dlí ó Choláiste na Tríonóide. Cé gur cheap sí agus í óg gur theastaigh uaithi ‘bheith ina dlíodóir, deir sí go raibh a croí briste nuair nach raibh an Ghaelainn á labhairt aici ná ina teampall a thuilleadh agus í ag tabhairt fén gcéim. Roimh dheireadh na céime, thuig sí nach raibh uaithi sa saol mór seo ach saol trí Ghaelainn, agus go gcaithfeadh sí a saol ag troid ar son na Gaelainne, agus ar son ceart na ndaoine a saol a chaitheamh trí Ghaelainn. 


    Mar sin, do thréigh sí a plean ‘bheith ina dlíodóir agus do lean sí a croí i dtreo na Gaelainne. Tháinig sí trasna ar an bpost seo a bhuí le Peig.ie agus deir sí linn gur mór an chúis bróid di ‘bheith ag obair le heagraíocht den scoth agus le daoine atá chomh díogairseach i dtreo cruthú deiseanna labhartha agus cur chun cinn ár dteanga dúchais ar fud an chontae. Tá Cill Dara le Gaeilge ana shásta Fía ‘bheith ag obair linn agus í cheana féin ag obair go dian díogairseach. Beidh Fía ag obair go lánaimseartha agus ag plé den gcuid is mó le Gnó Chill Dara, agus ag spreagadh gnóthaí sa chontae leis an nGaeilge a úsáid ina ngó féin, ar an mbealach is fearr a oireann dóibh. 

    Fía is a proud Kerrywoman who has been living in Kildare for the past few years. Fía came to Cill Dara le Gaeilge in July 2025 after finishing her degree in law, with first class honours. Although she thought as a young girl that she wanted to be a lawyer, she told us that she was a little heartbroken while studying for her degree when she wasn’t surrounded by Irish or speaking it regularly. Before finishing her degree, she understood that what she really wanted was a life through Irish, and that she would spend her life fighting for the Irish language and for the right of the people to live their lives through Irish.

    As a result, she abandoned her plan to become a lawyer and followed her heart into the Irish-language world. She came across the vacancy with Cill Dara le Gaeilge thanks to peig.ie and she tells us she is very proud to be working with such a great organisation and with people who are so dedicated and driven regarding creating opportunities for speaking and promoting the language in the county. Cill Dara le Gaeilge are delighted to have Fía working with us and already making her mark. Fía will be working full time, and for the most part, with Gnó Chill Dara, and encouraging businesses in the county to use Irish in their business, in the way that best suits them.

    Cuir aithne ar Kate Ní Raoghaill, Oifigeach feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge

    Is as Baile Átha Í do Kate. Deir sí go raibh an t-ádh dearg uirthi go raibh fáil aici ar oideachas trí mheán na Gaeilge i gcaitheamh a saoil, agus gur spreag a tuisimitheoirí i dtreo na Gaeilge í i gcónaí. Tháinig Kate chughainn tar éis di céim céad onóracha a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ón lá a chonaic sí an radharc i bPáirc an Chrócaigh sa scannán Michael Collins agus í 8 mbliana déag d’aois, thuig sí gurb í sprioc a saol an Ghaeilge a chur chun cinn. 

    Tháinig Kate ar an bpost a bhuí le Peig.ie (ar lá deireanach na n-iarratas don bpost!) agus dar léi, tá an t-ádh dearg léi a bheith ag obair le heagraíocht a spreagann ár dteanga dúchais ina contae féin. Tá an t-ádh dearg linn Kate a bheith ag obair linn, agus í ag tabhairt a cuid scileanna agus talainn léi. Má fhreastlaíonn sibh ar ár n-imeachtaí ceoil, b’fhéidir go bhfeicfidh sibh ar an ardán í agus go gcloisfidh sibh í ag casadh amhráin! Beidh Kate ag plé leis an bpobal agus leis na scoileanna sa cheantar, ag cur tacaíochtaí ar fáil pé slí gur gá. 

    Kate is from Athy. She tells us that was lucky enough to receive education through Irish throughout her entire life, and to have always been encouraged to use and speak Irish by her parents. Kate joined Cill Dara le Gaeilge after finishing her degree in English and Irish in Dublin City University, with a first class honours. From the day she saw the view from Croke Park in the film Michael Collins, she knew that her life’s goal would be to promote the Irish language. 

    Kate came across the vacancy with Cill Dara le Gaeilge thanks to Peig.ie (on the closing day of the applications!) and she tells us that she is beyond lucky to be working with an organisation which promotes and encourages the use of our native language in her own county. Cill Dara le Gaeilge is delighted to have her with us, bringing her unique skills and talents. If you attend our music events, you might get to see her on stage and hear her singing! Kate will be working with the community and schools in the county, providing them with supports wherever needed.