Bunaíodh Gnó Chill Dara chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a ngnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. Tá scéim gnó Chill Dara le Gaeilge oscailte do gach sórt gnó; ní gá don ghnó seirbhís iomlán i nGaeilge a chur ar fáil – tá gach tacaíocht ar fáil do ghnóthaí nach bhfuil acu ach an cúpla focal chomh maith. Cuirfimid ranganna Gaeilge agus pacáiste tacaíochta ar fáil ionas go mbeidh an gnó in ann páirt a ghlacadh sa scéim. Is scéim uilechuimistheach í Gnó Chill Dara agus tá fáilte roimh aon ghnó atá toilteanach an Ghaeilge atá acu a úsáid, páirt a ghlacadh sa scéim seo.
Cuireann an t-eagras stáit, Foras na Gaeilge, clár leathan seirbhísí agus tacaíochta ar fáil do ghnóthaí chomh maith trína chlár Gnó Means Business. Cuirfidh Cill Dara le Gaeilge eolas faoin scéim sin ar fáil do gnóthaí i gContae Chill Dara chun úsáid phraiticiúil na Gaeilge a éascú agus a mhéadú laistigh den earnáil ghnó.
Creideann Cill Dara le Gaeilge gur féidir le húsáid na Gaeilge buntáistí, breisiúlacht agus deiseanna forbartha a thabhairt d’iomaí cineál gnó ar bhealaí éagsúla: branda an ghnó a chur chun cinn, poiblíocht atá éagsúil a dhéanamh, taithí an chustaiméara a fheabhsú agus dílseacht custaiméirí a threisiú.
Cill Dara le Gaeilge was set up to provide support to businesses in the county that want to promote their business through the Irish language. The Cill Dara le Gaeilge’s Gnó Chill Dara scheme is open to all types of businesses; it is not necessary for businesses to provide a full service in Irish – every support is also available to help businesses that have limited Irish. We will provide access to Irish language classes and will also provide a starter support pack such that any business can take an active role in the scheme. Gnó Chill Dara is an inclusive scheme and any business that is willing to use the Irish that they have is welcome to join Gnó Chill Dara.
The state body, Foras na Gaeilge, also provides a broad programme of services and supports for businesses through their Gnó Means Business programme. Cill Dara le Gaeilge will help distribute this information to businesses in County Kildare, helping to facilitate an increase in the practical use of Irish within the business sector.
Cill Dara le Gaeilge believes that the use of Irish can provide advantages, growth and development opportunities for different types of businesses in a variety of ways: brand promotion, differentiated publicity, improved customer experience and increased customer loyalty.
Custaiméirí – Tá liosta na gnóthaí i gContae Chill Dara atá sa scéim ar fáil anseo. Bíonn fáilte roimh an Ghaeilge sna gnóthaí seo – ach bígí foighneach le bhur dtoil – níl Gaeilge líofa ag gach fostaí ach bíodh muinín agat do chúpla focal a úsáid nó comhrá i nGaeilge a thosú.
Tá nach mór gach gnó atá cláraithe linn lonnaithe sna Solláin agus i Nás na Ríogh ach táimid dóchasach go mbeidh an scéim ar fáil go forleathan i gContae Chill Dara i rith na blianta beaga atá le teacht.
Customers – The list of businesses in County Kildare included in the scheme is available below. The Irish language is welcome in these businesses – but please be patient – not everyone is fluent in Irish but feel confident about using your cúpla focal or starting a conversation as Gaeilge.
All registered business are based in Sallins and Naas for now but we hope to make the scheme more widely available in Co. Kildare over the next few years.
Eolas do Ghnóthaí | Info for Businesses
Níl costas ar ghnóthaí an tseirbhís seo a úsáid ach bheadh fáilte roimh deontas chun tacaíocht a thabhairt dúinn (thíos) is go mbeadh muid in ann an tseirbhís a fheabhsú.
D’oibrigh Gaelchultúr in éineacht le Amárach Research chun scrúdú a dhéanamh ar an luach tráchtála a chuireann tomhaltóirí ar an nGaeilge in iarrachtaí brandála agus margaíochta.
Níl anseo ach cuid de na torthaí:
Féach ar thorthaí an tsuirbhé ina n-iomláine thíos!
Gaelchultúr partnered with Amárach Research to examine the commercial value consumers place on the Irish language in branding and marketing efforts.
Here are just some of the findings:
Check out the survey findings in their entirety below!
Aithníonn Gradam Gnó ó Ghlór na nGael gnólachtaí ar fud na hÉireann atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó chun seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí agus do chliaint.
Tá trí réimse gnó ann do rannpháirtithe sa scéim Gradam Gnó: míondíoltóirí, mórdhíoltóirí, agus gnónna tráchtála stáit.
De réir mar a bhaineann gnólachtaí rannpháirteachta spriocanna gníomhaíochta réamh-chomhaontaithe amach, bronnfar trí leibhéal gradam orthu: Cré-Umha, Airgead agus Ór. Bronnfar na gradaim maidir le leibhéal na ngníomharatha atá déanta ag an gcuideachta: 35% a bhainfeadh Gradam Cré Umha; 55% a ghnóthódh Gradam Airgid; agus marcanna níos airde ná 80% a thuillfeadh Gradam Óir.
Déanfar trí chatagóir gníomhaíochtaí á thomhais sa phróiseas measúnaithe do ghradaim: Comharthaíocht, Brandáil & Margaíocht, Seirbhís Ghaeilge do chustaiméirí agus do chliaint.
Gradam Gnó, a national scheme from Glór na nGael, recognises businesses throughout Ireland, which use Irish as part of their business or who provide services through Irish for their customers and clients.
The award scheme is divided by three business type: small businesses, larger businesses and state funded business groups/state sector bodies.
As participating businesses reach pre-agreed language service targets over time three types of recognition may be awarded: Bronze, Silver and Gold. The awards will be judged with regard to the level of actions reached by the participating company: 35% will be awarded a Bronze standard; 55% will be awarded a Silver standard and 80% or above will be awarded the Gold Standard.
Marks will be allocated in three categories: Signage; Branding & Marketing; Services through Irish to customers and clients.