Uncategorized @ga

Cill Dara le Gaeilge páirteach i Scéim na bhFáinní

Faoi láthair, tá Comhairle Contae Chill Dara ag fáiltiú roimh léirithe spéise ó
bhunscoileanna ar mian leo páirt a ghlacadh i dtionscnamh nuálach pleanála Gaeilge, Scéim na
bhFáinní 2026.

Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara a d’fhorbair an scéim seo a chuirfear i bhfeidhm le
tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo
scoileanna a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc daltaí i rang a sé agus iad ag fáil faoi
réir don aistriú tábhachtach go dtí leibhéal an iar-bhunoideachais.

Chun páirt a ghlacadh sa scéim, iarrtar ar mhúinteoirí clár sé seachtaine a éascú chun an méid
Gaeilge a labhraítear a mhéadú sna ceithre seachtaine roimh Sheachtain na Gaeilge agus le linn
Sheachtain na Gaeilge. Tá an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga mar chuid lárnach den
chlár m.sh. Ealaín trí Ghaeilge, Corpoideachas trí Ghaeilge, Ceol trí Ghaeilge is araile. Mar chuid den
chlár, tabharfaidh daltaí rannpháirteacha faoi dhá thionscnamh dá rogha féin a mbeidh an Ghaeilge
fite fuaite iontu. D’fhéadfadh ábhair mar na hábhair seo a leanas a bheith san áireamh:

Taighde a dhéanamh ar bhunús Gaeilge Logainmneacha Áitiúla

Seanfhocail agus Nathanna Cainte a bhailiú

Dráma Gaeilge a chur ar stáitse

Coinní Puipéad as Gaeilge a óstáil

Méimeanna Gaeilge a chruthú

Le linn Sheachtain na Gaeilge 2026, nuair a bheidh tionscnaimh Scéim na bhFáinní curtha i gcrích go
rathúil, bronnfar Fáinne Gaeilge ar na daltaí rannpháirteacha agus gheobhaidh a gcuid scoileanna
Teastas Scéim na bhFáinní.

Is féidir le príomhoidí scoileanna léirithe spéise a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig
teangabheo@kildarecoco.ie faoi 3:00 p.m. Dé Luain, 12 Eanáir 2026, agus ní mór na sonraí seo a
leanas a bheith san áireamh:

  1. Ainm na scoile agus ainm(neacha) an mhúinteora/na múinteoirí rang a sé a d’éascódh an
    tionscnamh.
  2. Míniú gairid ar an dóigh a mbainfeadh daltaí i rang a sé i do scoilse tairbhe as páirt a ghlacadh i
    Scéim na bhFáinní.
  3. Líon na ndaltaí atá cláraithe i rang a sé sa scoil faoi láthair.
    Dáilfear áiteanna ar 20 scoil bunaithe ar na freagraí a thugtar ar cheist 2, agus déanfar an líon céanna
    áiteanna a dháileadh sna Ceantair Bhardasacha uile.
    Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim na bhFáinní, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge
    Chomhairle Contae Chill Dara ag OGILO@kildarecoco.ie nó ar an nguthán ag 045 980941.

    Fáinne Gaeilge
    Biorán fáinneach is ea an Fáinne Gaeilge agus léiríonn sé nasc leis an nGaeilge. Is gné thábhachtach
    agus bhunaithe den phleanáil teanga in Éirinn é an Fáinne, a d’fhorbair Conradh na Gaeilge beagnach
    100 bliain ó shin. Is féidir cineálacha éagsúla biorán a chaitheamh chun na leibhéil éagsúla
    inniúlachta teanga a léiriú. Nuair a chaitheann daoine Fáinne Gaeilge cuireann siad in iúl do dhaoine
    eile gur mhaith leo labhairt as Gaeilge.