Meitheal Chill Dara 2026
Ba mhór ag Cill Dara le Gaeilge tú a bheith i láthair ag Meitheal Chill Dara 2026: comhdháil bhliantúil pleanála teanga an chontae. Beidh an Mheitheal 2026 ar siúl i mBaile Átha Í in Óstán an Clanard Court ar an 9 Bealtaine 10:00-13:00.
Má tá fonn ort fanacht linn tar éis na Meithle, beidh lón ar siúl sa Clanard Court ar a 13:10 (ar do chostas féin), agus beidh turas treoraithe as Gaeilge ar Mhúsaem Ernest Shackleton ar siúl ar a 14:30 (€20). Is féidir clárú anseo don Mheitheal, don lón agus don turas, agus tá fáilte roimh chách.
Aoichainteoir
Táimid ar bís a fhógairt go mbeidh Árd-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, mar aoichainteoir ag an Meitheal. Tógadh Deirdre i gCill Choca, Contae Chill Dara, agus thosaigh sí ag obair le TG4 in 1999. Tá taithí fhairsing aici ar gach gné den stáisiún. Chaith sí ceithre bliana déag mar Léiritheoir agus Stiúrthóir ar chláracha ar nós 7 Lá, Comhrá, agus Róisín. Bhunaigh sí MOLSCÉAL, an t-ardán ar líne do phobal na Gaeilge in 2017. Agus í ina Bainisteoir Cumarsáide ag TG4 ó 2019 go 2022 chuir sí straitéis cumarsáide nua ilardáin i bhfeidhm a chuir le clú TG4.
Cad í an Mheitheal?
Tá Meitheal Chill Dara dírithe ar an bpleanáil teanga i gContae Chill Dara agus is í an t-aon imeacht pleanála teanga ar leibhéal contae dá leithéid in Éirinn. Tugann sí ardán do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga, do sholáthraithe seirbhíse, do ghnólachtaí agus d’aon duine a bhfuil spéis ghinearálta acu i bhforbairt na Gaeilge laistigh den chontae nuacht a roinnt, smaointe a mhalartú agus labhairt faoi phleananna don bhliain atá amach romhainn.
Ni gá Gaeilge líofa a bheith agat le freastal ar an Meitheal – cuirtear fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i gcúrsaí Gaeilge sa chontae!
Tuilleadh eolais https://cilldaralegaeilge.ie/meitheal/
————————————————————————————————————————————————————-
Cill Dara le Gaeilge would like to invite you to Meitheal Chill Dara 2026, Kildare’s annual language planning conference. This year’s Meitheal will be in the Clanard Court Hotel in Athy, on Saturday the 9th May from 10:00-13:00.
If you’d like to stick around after the Meitheal, there will be a lunch in the Clanard Court at 13:10 and a guided tour as Gaeilge of the Ernest Shackleton Experience at 14:30. You can register for the Meitheal, lunch and tour here. All are welcome!
Guest speaker
We are delighted to announce our special guest speaker: Deirdre Ní Choistín, Director-General of TG4. Deirdre was raised in Kilcock, County Kildare, and has worked for TG4 for over 25 years. She was a Producer and Director for fourteen years. She established MOLSCÉAL, a popular online news and entertainment platform for TG4’s core Irish speaking audience in 2017. Prior to being appointed as Head of News and Current Affairs, she was TG4’s Communications Manager from 2019 to 2022 where she implemented an innovative new multi-platform communications strategy.
What is Meitheal Chill Dara?
Meitheal Chill Dara is Kildare’s annual language planning conference. Meitheal Chill Dara focuses on language planning in County Kildare and is the only such county-level language planning event in Ireland. It provides a platform for the Irish-language community, language activists, service providers, businesses and anyone with a general interest in the development of the Irish language within the county to share news, exchange ideas and talk about plans for the year ahead.
You do not need to be a fluent speaker to attend Meitheal Chill Dara – anyone with an interest in the Irish language in Kildare is welcome!
More information https://cilldaralegaeilge.ie/launguage-plan-kildare/?lang=en