Uncategorized @ga

Club Ghaeilge Nuada 27/01

Bhí naonúr déag ag Club Ghaeilge Nuada aréir, imeacht a reáchtáladh in Ostán Glenroyal.

Ina measc bhí idir sheanchairde agus dhaoine nua, a fuair tacaíocht teanga ó dhaoine níos líofa. Bhí 3 cinn de chiorcail bheaga chomhrá ar siúl agus bhí seisear ag léamh leabhar dar teideal Tír Bheag le Gaël Faye arna aistriú go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn. Cuireadh tae, caife agus cácaí milse ar fáil. Bhí plé bríomhar in gach grúpa  ann agus leanfar den phlé agus den chomhrá an mhí seo chugainn. Tá súil againn bheith ar ais sa Glenroyal ar an gCéadaoin 25 Feabhra.

Cora de Paor (thar ceann Ghaeilge Nuada)