Is comórtas bailiúcháin greamán é Comórtas na bPasanna. Úsáid do chúpla focal i siopaí Nás na Ríogh, bailigh 6 ghreamán éagsúla agus beidh deis agat duais a bhuachan! Déan teagmháil linn chun do ghnó a chur leis an liosta: fia@cilldaralegaeilge.ie

Comórtas na bPasanna is a sticker collection competition. Use some Irish in Naas shops, collect 6 different stickers and you could win a prize! Contact us to add your business to the list: fia@cilldaralegaeilge.ie

Siopaí rannpháirteacha | Participating shops 

  • Daly’s Pharmacy 
  • Emporium Kalu 
  • House of logo 
  • Eurostar 
  • Oifig an Phoist 
  • Leabharlann Nás na Ríogh 
  • Lips & P’s
  • Richy Whelan’s Menswear 
  • Butler’s Cafe
  • Burke’s Pharmacy 
  • Poplar Pharmacy 
  • Brett’s Florist 
  • Jam Music 
  • Vision Ireland 
  • Grá Coffee 
  • Swan’s on the Green 
  • Supervalu
  • Print Shop 
  • Fleming Florist 
  • Keeko Interiors 
  • Turnstyle 
  • Harvest Kitchen 
  • The Soda Bread Shop 
  • Costa 
  • Urban Kitchen 
  • The Card Gallery 
  • We Repair 
  • Browne’s
  • PS Coffee Roasters 
  • The Stationery Store 
  • Barker and Jones 
  • Whelan’s Shoes 
  • A. Donegan

Clár Sheachtain na Gaeilge 2026, Nás na Ríogh agus na Solláin

Dé Domhnaigh, 1 Márta

Cluichí foirne agus dúshláin, staidéar dúlra, ealaíon agus ceardaíocht agus go leor eile amuigh faoin aer le foireann iontach Dhúlra. 

Games, nature study, arts & crafts using natural materials and plenty more out in the open air with the fabulous Dúlra team.

Dé Luain 2 - Déardaoin 5 Márta | Monday 2nd - Thursday 5th March

Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge chun do chuid scileanna labhartha a chleachtadh.

Teacht le chéile ag Cuan Nás na Ríogh le haghaidh siúlóid ghairid (45 nóiméad) cois canála agus dreas beag cainte as Gaeilge.

Sa bhreis ar ár gcaife agus comhrá seachtainiúil in Insomnia, beidh Emma ó Eclecticats linn le rogha óna bailiúchán iontach cluichí le cur leis an gcleachtadh.

All welcome to practise your cúpla focal.

Meet up at Naas Harbour for a short lunchtime stroll (c.45 mins) and a chat as Gaeilge.

A special addition to our weekly caife and comhrá will be Emma from Eclecticats with a selection of her great selection of games to add to the fun.

Club cluichí cláir, legó agus Duplo do leanaí réamhscoile agus bunscoile le hEclecticats agus Cill Dara le Gaeilge. Gach Céadaoin in Ionad Pobail Ballycane.

Chaith Niamh Laarhoven ceithre bliana ag obair sna meáin shóisialta ag déanamh modhnóireacht ar ábhar agus labhroidh sí linn faoin oiread sonraí a roinneann duine nuair a chruthaíonn siad cuntas ar líne, faoi cé chomh iontaofa is atá torthaí cuardaigh AI, agus roinnfidh sí nodanna maidir le páistí a choinneáil slán sábháilte ar líne.

Déanann an tionscnamh seo Ar an Imeall iniúchadh agus doiciméadú ar rogha mhaith de na hoileáin atá suite amach ó chósta na hÉireann. Tabharfaidh Pamela léargas dúinn ar an taighde a rinne sí don tionscnamh agus foghlaimeoidh an lucht freastail faoi na céimeanna éagsúla a bhain leis an bpróiseas cruthaitheach. Beidh deis ag an lucht freastail bualadh leis an ealaíontóir agus ceisteanna a chur uirthi.

Afterschool club with boardgames, Lego and Duplo with Eclecticats and Cill Dara le Gaeilge. Every Saturday in Ballycane Community Centre.

Niamh Laarhoven spent four years working in social media content moderation. Based on this experience, she will give an insight into the amount of data people share when creating an online account, how reliable are AI search results really, and she will share tips on how to keep children safe online.

This project looks at and documents a significant number of the islands that are situated off the coast of Ireland. Pamela will give us an insight into the research she did for the project and those attending will learn about the differents steps of the creative process and will get a chance to meet the artist and ask her questions.

Ciorcal comhrá sa siopa i gCLG na Sollán. Cupán tae ar fáil agus neart cainte! Dé Céadaoin an 4ú agus an 11ú Márta, 8-9pm.

Chats as Gaeilge along with a cupán tae in the “siopa” in Sallins GAA, Wednesday the 4th and 11th March, 8-9pm.

Dé hAoine 6 Márta - Dé Domhnaigh 8 Márta

Seisiún ceoil beo agus neart deiseanna cainte as Gaeilge. Fáilte roimh cheoltóirí, agus lucht éisteachta!

Táimid ag súil go mór le Julie Anne a bheith ar ais linn agus lena cuid scéalta agus ceoil a roinnt linn. Imeacht saor in aisce i Leabharlann Nás na Ríogh

Bígí linn dár mbricfeasta seachtainiúil i 33 South main. Deis do chúpla focal a chleachtadh agus cúpla pancóg nó cupán tae nó caife á gcaitheamha agat.

Live music session and plenty of opportunity to chat as Gaeilge. Musicians welcome, as well as those who prefer to listen

We’re delighted to have Julie Anne back with us in Kildare to share her stories and music. A free event in Naas Library. 

Join our weekly breakfast in 33 South Main. A chance to practise the cúpla focal over cúpla pancóg, or just a cupán tae nó caife.

Sa cheardlann seo foghlaimeoidh na rannpháirtithe amhrán sean-nóis mall agus amhrán sean-nóis sciobtha ó Fhéilim, a bhfuil comórtas Sean-Nós na bhFear Fhleadh Ceoil na hÉireann buaite aige faoi dhó. 

Idir an dá amhrán, seinnfidh Féilim cúpla port ar an mbosca ceoil agus beidh seans ag na rannpháiritithe cúpla steip ar an sean-nós a fhoghlaim ó Mhuireann Ní Bheaglaoich, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara.

Is múinteoir ióga do pháistí agus teaghlaigh lán-cháillithe í Múinteoir Ciara a bhfuil grá aici don Ghaeilge, don mhúineadh agus don ióga. Tar agus bain taitneamh as rang lán le spraoi don teaghlach iomlán! Tabhair mata leat má tá ceann agat, ach beidh cúpla ceann sa bhreis ag Ciara más gá. Tá costas €5 ar thicéad teaghlaigh.

Beidh seirbhís dhátheangach ag Eaglais Chomhbhráithreachais Bhaisteach Nás na Ríogh ar an lá seo do Sheachtain na Gaeilge. Fáilte roimh chách.

Participants in this workshop will learn a slow sean-nós son and then a faster one from Féilim, twice winner of the sean-nós competition at Fleadh Ceoil na hÉireann.

Between songs, Féilim will play a few tunes on the accordion and participants will have a chance to learn a few sean-nós dancing steps with Muireann, Irish Officer in Kildare County Council.

Múinteoir Ciara is a fully qualified children’s and family yoga teacher who has a grá for Gaeilge, teaching and yoga. Come and join us for an class of family fun! Bring your own mat if you have one, but Ciara will Have a few extra if necessary. A family ticket is €5.

Naas Baptist Fellowship will have a bilingual service this Sunday for Seachtain na Gaeilge. All welcome.

Dé Luain 9 - Déardaoin 12 Márta | Monday 9th - Thursday 12th March

Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge chun do chuid scileanna labhartha a chleachtadh.

Beidh Club Leabhar Chill Dara le Gaeilge ag teacht le chéile leis an leabhar “Deoraíocht” le Pádraig Ó Conaire a léamh. Tagann an club le chéile an dara Máirt de gach mí agus fáilte roimh bhaill nua i gcónaí.

Seisiún réchúiseach análaithe, gluaiseachta agus machnaimh leis an gcóitseálaí intinne Helen Doyle

All welcome to practise your cúpla focal.

Cill Dara le Gaeilge’s Book Club will be meeting to discuss “Deoraíocht” by Pádraig Ó Conaire. The club meets on the second Tuesday of each month and new members are always welcome.

A relaxed session incorporating breathing, movement and meditation with mind coach Helen Doyle

Bígí le Sive don cheardlann amhránaíochta dhátheangach, spraíúil agus neamhfhoirmiúil seo. Treoróidh Sive an grúpa trí roinnt téamh gutha suaimhneach agus múinfidh sí rogha de na hamhráin a chanfaidh sí ag an bhFéile Sráide ar Lá Fhéile Pádraig. Níl aon taithí amhránaíochta ag teastáil, agus tá fáilte roimh dhaoine ar gach leibhéal Gaeilge!

Sa bhreis ar ár gcaife agus comhrá seachtainiúil in Insomnia, beidh Emma ó Eclecticats linn le rogha óna bailiúchán iontach cluichí le cur leis an gcleachtadh.

Club cluichí cláir, legó agus Duplo do leanaí réamhscoile agus bunscoile le hEclecticats agus Cill Dara le Gaeilge. Gach Céadaoin in Ionad Pobail Ballycane.

Join Sive for this fun and informal bilingual group singing workshop, during which she will guide you some relaxing vocal warmups and teach a selection of the songs that she will perform at Féile na Sráide on St Patrick’s Day. No singing experience required, and all levels of Irish are welcome!

A special addition to our weekly caife and comhrá will be Emma from Eclecticats with a selection of her great selection of games to add to the fun.

Afterschool club with board games, Lego and Duplo with Eclecticats and Cill Dara le Gaeilge. Every Saturday in Ballycane Community Centre.

Ciorcal comhrá sa siopa i gCLG na Sollán. Cupán tae ar fáil agus neart cainte! Dé Céadaoin an 4ú agus an 11ú Márta, 8-9pm.

Chats as Gaeilge along with a cupán tae in the “siopa” in Sallins GAA, Wednesday the 4th and 11th March, 8-9pm.

Ceiliúradh ar bhlasanna na hÉireann – beidh arán guinness agus cáca spúinse á ndéanamh sa cheardlann seo, agus dar ndóigh beidh tú in ann iad a thabhairt abhaile leat!

Scileanna bácála á bhfoghlaim agus an Ghaeilge á cleachtadh ag an aon am amháin.

€15 an duine le híoc in airgead tirim ar an oíche. Clúdóidh an t-airgead na comhábhair ar fad agus aon riachtanas eile.

Fáilte roimh chách chuig an seisiúin ceoil oscailte seo i Halla an Pharóiste, na Solláin, le Sult na Sollán. Beidh ceol mall á sheinm 20:00 – 21:00 agus ceol níos tapúla ann ar 21:00.

Teanga do chách: Oíche de cheardlanna teanga sa Ghaelcholáiste. Beidh ceardlann Ghaeilge trí Spáinnis, ceardlann Ghaeilge trí Pholannais, cearlann Ghaeilge trí Bhéarla agus ceardlann Seapáinise trí Ghaeilge á múineadh ag scoláirí an Ghaelcholáiste. Fáilte roimh chách.

A celebration of the tastes of Ireland as we bake Guinness bread and sponge cake in this workshop. And of course you’ll be able to take them home with you!Learn Irish and cooking skills at the same time!

Learn baking stills and practise your Irish at the same time.

€15 per person to be paid in cash on the night. The payment will cover all ingredients and any other necessities

All welcome to this open music session in Sallins Parish Hall with Sult na Sollán. 20:00 – 21:00 will be slower music with faster music following at 21:00.

A language for All: A night of language workshops  in Gaelcholáiste Chill Dara. Students will be teaching an Irish workshop through Spanish, an Irish workshop through Polish, an Irish workshop through English, and a Japanese workshop through Irish. Everyone is welcome!

Dé hAoine 13 - Dé Domhnaigh 15 Márta | Friday 13th - Sunday 15th March

An saineolaí cheoil tú? Bígí linn i gcóir ceolbhiongó in 33 South Main. Beidh duaiseanna le buachaint ar an oíche!

Beidh pobal labhartha na Gaeilge ag glacadh páirt sa rithpháirce, a bhíonn ar súil i Ráschúrsa Nás na Ríogh gach Sathairn. Bígí linn agus úsáid pé mhéid Gaeilge atá agat!

Bígí linn dár mbricfeasta seachtainiúil i 33 South main. Deis do chúpla focal a chleachtadh agus cúpla pancóg nó cupán tae nó caife á gcaitheamha agat.

Are you a music expert? Join us for music bingo in 33 South Main. Prizes to be won on the night! 

The Irish-speaking community will be joining the regular parkrun group, which meet every Saturday in Naas Racecourse. Join us and use whatever Irish you have!

Join our weekly breakfast in 33 South Main. A chance to practise the cúpla focal over cúpla pancóg, or just a cupán tae nó caife.

Tá bord curtha in áirithint againn in 33 South Main don chluiche rugbaí le deis a thabhairt do lucht tacaíochta an rugbaí an cluiche, na teaicticí agus gach rud eile faoin spéir a phlé i nGaeilge

Beidh seirbhís dhátheangach ag Eaglais na hÉireann i dTeampall Naomh Dháibhí ar an lá seo do Sheachtain na Gaeilge. Fáilte roimh chách.

An bhfuil aon mhaitheas ionat don stríoc? Bí linn más ea do sheisiún babhlála in K-Bowl. Oiriúnach do gach aois, fáilte roimh pháistí. €6 an duine, €12 do thicéad teaghlaigh. Duaiseanna do na scóranna is fearr!

Join us at our reserved table in 33 South Main to watch the rugby and have the chance to discuss the game, the tactics and everything else under the sun as Gaeilge.

There will be a Church of Ireland bilingual service in St David’s church for Seachtain na Gaeilge. All welcome.

Ar you any good to get a strike? If so, why not join us for bowling in K-Bowl. Suitable for all ages, children welcome. €6 per person or €12 for a family. Prizes for the top scores!

Lá Fhéile Pádraig!

Cuir tús le ceiliúradh lá na nGael le bricfeasta as Gaeilge! Beidh bricfeasta blasta ar fáil ag an Townhouse agus beidh cluichí, dathúchán agus péinteáil aghaidhe ar fáil do pháistí. Beimid na boilg lán ansin don Fhéile Sráide a bheith ag tosnú ar a 2!

Beidh aifreann dátheangach in Eaglais Mhuire agus Naomh Dháibhí ar an lá seo do Sheachtain na Gaeilge. Fáilte roimh chách.

Bígí linn don fhéile Gaeilge is mó sa tír ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh ceol, amhránaíocht, rince, imeachtaí do leanaí agus eile ar siúl i suíomhanna éagsúla timpeall an bhaile agus cuirfear clabhsúr leis an lá le céilí mór sráide i gCearnóg na Poibleoige.

Start the celebrations of our national holiday with a bricfeasta as Gaeilge. Tasty breakfast available from the Townhouse and there will be games, colouring and facepainting for children. Fill the bellies in preparation for the Féile Sráide which will be starting at 2!

There will be a bilingual mass in Our Lady and St David’s for Seachtain na Gaeilge. All welcome.

Join us to celebrate the biggest Irish-language festival on St Patrick’s Day outside of the Gaeltacht. There will be music, singing, dancing and activities for children in various locations around the town, and the day will finish with a street céilí in Poplar Square.