Líonra

Tuairisc Thábhachtach don Ghaeilge i gCill Dara seolta i dTeach Laighean

Important Report for the Irish Language in Kildare launched in Leinster House

SEOLADH NA TUAIRISCE 

Dé Céadaoin seo caite seoladh an tuairisc “An Géarghá go mBronnfar Foirgneamh Nua ar Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad, agus Stádas mar Líonra Gaeilge ar Phobal an Náis agus na Sollán” i dTeach Laighean. Bhí na Teachtaí Dála Aonghus Ó Snodaigh, Éamon Ó Cuív agus Réada Cronin i láthair ag an seoladh chomh maith leis na Comhairleoirí Contae Angela Feeney agus Naoise Ó Cearúil ó Chontae Chill Dara agus ionadaithe ó Chill Dara le Gaeilge, Gaelcholáiste Mhaigh Nuad agus Foras na Gaeilge i measc daoine eile. 

LAUNCH OF THE REPORT

Last Wednesday the report ““An Géarghá go mBronnfar Foirgneamh Nua ar Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad, agus Stádas mar Líonra Gaeilge ar Phobal an Náis agus na Sollán (An Urgent Need for a New Building to be Awarded to Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, and Status as an Irish Language Network for the Naas and Sallins Community)” was launched in Leinster House. The launch was attended by TDs Aonghus Ó Snodaigh, Éamon Ó Cuív and Réada Cronin as well as County Councillors Angela Feeney and Naoise Ó Cearúil from County Kildare and representatives from Cill Dara le Gaeilge, Gaelcholáiste Mhaigh Nuad and Foras na Gaeilge among others.

FOIRGNEAMH NUA DO GHAELCHOLÁISTE MHAIGH NUAD 

Is é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, faoi chathaoirleacht Aenguis Uí Snodaigh TD, a chuir an tuairisc seo le chéile tar éis do thoscaireacht den chomhchoiste cuairt a thabhairt ar Chill Dara i mí Iúil na bliana seo. Chuaigh an toscaireacht go Maigh Nuad i dtús báire le cuairt a thabhairt ar an suíomh sealadach atá ag an nGaelcholáiste ansin agus le bualadh le príomhoide na scoile, Mícheál Ó Ceoinín. Tá dhá Ghaelscoil i Maigh Nuad féin, agus trí cinn eile sa cheantar máguaird, agus an-éileamh ar oideachas dara leibhéal sa cheantar, dá bharr. Faoi láthair, áfach níl sé d’acmhainn ag an nGaelcholáiste an t-éileamh seo a shásamh i ngeall ar an easpa spáis agus áiseanna. D’aithin an Comhchoiste an géarghá atá le suíomh nua oiriúnach don Ghaelcholáiste agus moladh sa tuairisc go gcinnteodh an tAire Oideachais go mbeadh an foirgneamh nua sin réidh faoin 1 Meán Fómhair 2027. 

NEW BUILDING FOR GAELCHOLÁISTE MHAIGH NUAD 

This report was prepared by the Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community, chaired by Aenguis Ó Snodaigh TD, following a visit by a delegation from the Joint Committee to Kildare in July of this year. The delegation first went to Maynooth to visit the temporary site of the Gaelcholáiste there and to meet the school’s principal, Mícheál Ó Ceoinín. There are two Gaelscoileanna in Maynooth itself, and three in the surrounding area, resulting in a high demand for second-level education in the area. However, at present the Gaelcholáiste is unable to meet this demand due to the lack of space and facilities. The Joint Committee recognised the urgent need for a suitable new site for the Gaelcholáiste and recommended that the Minister for Education ensure that this new building is ready by 1 September 2027.
 
STÁDAS LÍONRA GAEILGE DO CHEANTAR NÁS NA RÍOGH/NA SOLLÁN 

Thug an toscaireacht cuairt freisin ar Nás na Ríogh, áit a bhfuil Cill Dara le Gaeilge (CDleG) ag obair le stádas “líonra Gaeilge” a bhaint amach do cheantar Nás na Ríogh/na Sollán. Is éard atá i gceist le líonra Gaeilge ná ceantar lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn, á cothú agus á buanú. Stádas oifigiúil a thugtar ar leibhéal an Rialtais is ea é, agus ar cheann de na coinníollacha a bhaineann leis an stádas seo a bhaint amach tá plean teanga a scríobh agus a aontú leis an bpobal. Tá CDleG ag Céim 2 sa phróiseas agus ag iarraidh Chéim 1 a bhaint amach. Aithníodh sa tuairisc an obair mhór atá ar siúl ag CDleG sa cheantar seo, agus go háirithe an obair cheannródaíoch atá déanta le plean teanga a scríobh don chontae, agus plean teanga don cheantar ar na bacáin. Moladh sa tuairisc go mbronnfaí an stádas Céim 1 ar CDleG. Is féidir an tuairisc iomlán a léamh anseo: https://tinyurl.com/tuairiscongcomhchoisteCD.  

STATUS AS AN IRISH LANGUAGE NETWORK FOR THE NAAS AND SALLINS COMMUNITY

The delegation also visited Naas, where Cill Dara le Gaeilge (CDleG) is working to secure the status of an “Irish language network” for the Naas/Sollán area. An Irish language network is an area outside the Gaeltacht where the Irish language is promoted, fostered and perpetuated. It is an official status given at Government level, and one of the conditions for achieving this status is to write and agree a language plan with the public. The CDleG is in Phase 2 of the process and trying to reach Phase 1. The report acknowledged the great work being done by CDleG in this area, and in particular the pioneering work done to write a language plan for the county, with a language plan for the area in the pipeline. The report recommended that Stage 1 status be awarded to CDleG. The full report can be read here: https://tinyurl.com/tuairiscongcomhchoisteCD.  

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.