Uncategorized

Folúntas: Oifigeach Feidhmiúcháin

An Ról

Cuireann Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh iarratais ar phost mar Oifigeach Feidhmiúcháin a mbeidh freagracht air/uirthi plean oibre CDleG a chur i bhfeidhm chun líonra Gaeilge a fhorbairt i gceantar Na Sollán/Nás na Ríogh. Is post páirt-aimseartha ar chonradh seasta a bheidh i gceist, a gcuirfear tús leis i Mí Meán Fómhair 2026. I measc freagrachtaí an róil:

  • Beidh an t-oifigeach ag obair i gceantar bardasach Nás na Ríogh chun réimse imeachtaí pobail trí mheán na Gaeilge a phleanáil agus a reáchtáil.
  • Beidh ról tacaíochta ag an oifigeach feidhmiúcháin i bpleanáil agus i bhfeidhmiú phlean teanga an líonra mar aon le tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí eile atá páirteach sa phróiseas pleanála.
  • Cuirfidh an t-oifigeach leis na seirbhísí atá ar fáil don óige agus do theaghlaigh sa cheantar.
  • Déanfaidh an t-oifigeach nascanna a fhorbairt agus a láidriú le scoileanna agus le baill den phobal nua atá sa líonra.
  • Déanfaidh an t-oifigeach seirbhísí i nGaeilge agus deiseanna labhartha agus foghlamtha a fhorbairt.

An Duine

Duine cumasach atá dírithe ar spriocanna a bhaint amach agus a bhfuil fuinneamh agus scileanna láidre idirphearsanta aici/aige atá á lorg againn don ról. I measc na gcáilíochtaí pearsanta a bheidh riachtanach beidh tiomantas agus an cumas éilimh dhúshlánacha agus tosaíochtaí iomaíochta a láimhseáil. Beidh stíl oibre comhpháirtíochta agus cur chuige oscailte agus solúbtha riachtanach don ról seo.

Critéir Riachtanacha:

  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa
  • An cumas comhairle a chur ar dhaoine agus ar eagraíochtaí, eolas a thabhairt dóibh, iad a inspreagadh i dtreo úsáid na Gaeilge
  • Scileanna maithe cumarsáide, cruthaitheachta agus eagrúcháin
  • Scileanna cur i láthair an-fhorbartha
  • Taithí ag plé leis an aos óg, go háirithe le daltaí scoile

Bheadh taithí oibre chuí mar bhuntáiste don iarratasóir

Is post páirtaimseartha ar chonradh seasta atá á thairiscint, bunaithe ar dhá uair a chloig déag in aghaidh na seachtaine, ar an meán. Táimid oscailte go fóill maidir le briseadh síos na n-uaireannta a chloig seo i rith na bliana. Cuireann Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh iarratasóirí leis an scileanna cuí cur isteach ar an ról. Tá an folúntas seo á mhaoniú faoi Scéim Forbartha na Líonra Gaeilge trí Fhoras na Gaeilge agus cloífear le critéir na scéime sin dá bharr. Is fostóir comhionannas deiseanna é Cill Dara le Gaeilge. Glacfar le hiarratais trí mheán na Gaeilge amháin.

Tá sonraí an phoist le fáil ach teagmháil a dhéanamh le rúnaí Cill Dara le Gaeilge ag eolas@cilldaralegaeilge.ie

Iarrtar ar iarratasóir litir agus CV i nGaeilge a sheoladh chuig post@cilldaralegaeilge.ie roimh 17:00 24 Lúnasa 2026 le tagairt do “Ról SFLG”