Uncategorized

Féile na Sollán 28-30 Lúnasa 2026

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. Ná bí buartha muna bhfuil ticéad agat don Phicnic Aibhléise – beidh ár bhféile cheoil agus chultúir féin againn i gCill Dara agus Féile na Sollán ar siúl an deireadh seachtaine seo (28-30 Lúnasa) agus ceol agus siamsaíocht de gach sórt ann.

PLÚR AN CHEOIL Beidh an t-ardán mór ann arís cois canála Dé Sathairn agus ceol beo air óna 13.00 go dtí 20.30, saor in aisce. Beidh meascán ceoil ann sa tráthnóna – grúpaí ceoil thraidisiúnta áitiúla, rinceoirí, ceoltóirí óga cumasacha chomh maith le grúpa traidisiúnta Polannach. Is iad “Tulua” a bheidh mar phríomhghrúpa na Féile. Grúpa de cheathrar ceoltóirí iad a sheinneann siad ceol traidisiunta na hÉireann. Tá an domhan siúlta acu agus a gceol tugtha leo go fada fairsing agus an-cháil orthu as a gcumas. Beidh an bheirt ceoltóir clúiteach Éire agus Cú Chulainn linn chomh maith. Is siblíní iad Éire agus Cú Chulainn a bhfuil grá mór acu don amhránaíocht traidisiúnta agus don bhfilíocht. Bíonn an ceol agus an fhilíocht á nascadh le chéile acu, spreagtha go mór ag leabhar filíochta nua Éire, ‘Puisín Beag an Diabhail’. Ina dhiaidh sin ar fad beidh an ceol ag leanúint ar aghaidh ag seisiún in Lock 13. Dé Domhnaigh beidh ceol beo ann arís cois canála agus Céilí Sráide sula gcuirfear clabhsúr leis an bhféile le seisiún deiridh sa Railway Inn.

IMEACHTAÍ TEAGHLAIGH Beidh neart imeachtaí eile ar siúl le linn na féile leis – beidh CLG na Sollán ag eagrú Chéilí na nÓg Dé Sathairn agus Comórtas “Poc Fada” Dé Domhnaigh. Beidh seastán ag Cumann Bithéagsúlachta na Sollán ann agus bileoga eolais agus imeachtaí acu do leanaí. Beidh ceol beo agus Pop-Up Gaeltacht ar na trí thuras a bheidh ar siúl ar an dá lá. Agus, mar is gnách, tá clár iontach imeachtaí do theaghlaigh curtha le chéile ag Cill Dara le Gaeilge a bheidh ar siúl i Halla an Pharóiste Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Beidh spraoi, ceol agus scéalta ann do pháistí le Julie-Anne de Brún, ceardlann drumadóireachta do pháistí agus daoine fásta, ceol agus cluichí le Kate agus Teidí, seisiún oscailte cluichí cláir agus seó puipéad. Tá gach eolas faoi na himeachtaí ar www.feilenasollán.com. Agus le cúnamh Dé beidh an dea-aimsir go fóill linn!

GLUAIS: buailte linn – with us; buartha – worried; an Phicnic Aibhléise – Electric Picnic; plúr an cheoil – the best of music; go fada fairsing – near and far; cuirfear clabhsúr leis – it will end.