Uncategorized

Ceolchoirm le hIMLÉ le déanaí

Ar an 8 Deireadh Fómhair tháinig an banna ceoil Gaelach, IMLÉ, chomh fada le Nás na Ríogh. Buíon ceoltóirí iad IMLÉ a bhíonn ag ceol faoi stiúir an cheoltóra agus léiritheora Cian MacCarthaigh. Meascann IMLÉ stileanna éagsúla ceoil agus foirmeacha ealaíne ar bhealach iomlán nua i ndomhan ceoil na Gaeilge. Bhí an deis againn le déanaí cúpla ceist a chur ar Cian faoin mbanna…

Cad atá speisialta faoi IMLÉ? 

Is dócha ceann de na rudaí atá speisialta fúinn ná go mbíonn neart daoine éagsúla ag ceol agus ag scríobh linn. Dá bhrí sin bíonn meascán deas ann ó thaobh stíleanna ceoil de, mar sampla nuair atá tú ag freastal ar ghig de chuid IMLÉ cloisfidh tú gach saghas ruda ó Rap go Trip-Hop go Folk. Is breá linn an éagsúlacht sin!

Cé na buaicphointí a bhí agaibh go dtí seo mar bhanna?

Tá neart buaicphointí ann. Leis an mbanna seo táimid i gcónaí ag iarraidh a bheith ag taistil agus ag ceol in áiteanna éagsúla in Éirinn agus thar lear. Táim iontach sásta go mbeimid ag ceol i gCill Dara den chéad uair ar an 8ú agus i suíomh chomh speisialta sin. Le blianta beaga anuas bhí an deis againn a bheith ag ceol in Albain, san Isiltir agus i Londain. Chomh maith leis sin bhí sé iontach a bheith ag ceol sa Chollchoill ag Electric Picnic i 2025 agus ár gcuid ceoil a fháil i gcláracha ar Netflix cosúil le House of Guinness agus Bodkin.

Cén t-amhrán de chuid IMLÉ is fearr leat agus cén fáth?

Is breá liom Timpeall Arís ón EP is déanaí TAOILLE. Tá liricí James Shannon cumhachtach san amhrán seo agus é ag labhairt faoin gcaoi ina bhfuil rudaí sa domhan sa lá atá inniu ann. Tá neart frustrachais sna liricí ach tá an ceol iontach bríomhar san amhrán, go háirithe nuair a chasann muid é beo. Críochnaíonn muid gach ceolchoirm le Timpeall Arís arís agus táimid ag súil go mór len a chasadh i gCill Dara.