

Meitheal Chill Dara 2023
Baineann Meitheal Chill Dara le pleanáil teanga. Cuireadh tús léi in 2020 i ndiaidh an phlean teanga a sheoladh in 2019. Mar chuid den phróiseas pleanála teanga i gcontae Chill Dara, eagraítear comhdháil bhliantúil faoin bplean i rith Sheachtain na Gaeilge.
Tá Meitheal Chill Dara 2023 á heagrú in éineacht le Gaeilge Nuada. Beidh sé ar siúl ar an 11 Márta in Óstán Glenroyal, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Lean an nasc thíos le clárú.
Meitheal Chill Dara focuses on language planning. It began in 2020 following the launch of the language plan in 2019. As part of the planning process in County Kildare, an annual conference on the plan is organised during Seachtain na Gaeilge.
Meitheal Chill Dara 2023 is being organised with Gaeilge Nuada. It will take place on 11 March in the Glenroyal Hotel, Maynooth, Co. Kildare. Follow the link below to register.
Meitheal Chill Dara 2022
Baineann Meitheal Chill Dara le pleanáil teanga. Cuireadh tús léi in 2020 i ndiaidh an phlean teanga a sheoladh in 2019. Mar chuid den phróiseas pleanála teanga i gcontae Chill Dara, eagraítear comhdháil bhliantúil faoin bplean i rith Sheachtain na Gaeilge. i 2022, tháinig pobal na Gaeilge le chéile an 05/03/22 agus pléadh na deiseanna don Ghaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge. Is é Séamus Ó Ceannainn a bhí ina fhear an tí ar Meitheal Chill Dara 2022. Chuir Naoise Ó Cearúil, Ardmhéara Chill Dara, Daithí de Faoite, Cathaoirleach Cill Dara le Gaeilge agus Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael fáilte roimh na daoine a tháinig chuig an gcomhdháil. Labhair Beití Ní Dhuibhir, Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Chill Dara faoi Scéim Gaeilge Chomhairle Chontae Cill Dara, faoi dheiseanna tionscadail Gaeilge le hÉire Ildánach agus faoi Imeachtaí Gaeilge le Leabharlanna Chill Dara le haghaidh Sheachtain na Gaeilge.
Bíonn tuairiscí ó na ceantair bhardasacha ann gach bliain agus labhair na hionadaithe faoin obair atá idir lámha acu. Bhí Seán Ó Fearghaíl, Ceann Comhairle, ina aoichainteoir. Phléamar téamaí éagsúla sna mioncheardlanna, grúpaí deonacha, gnó agus seirbhísí stáit, oideachas, deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim, deiseanna nua don phobal agus tógáil clainne le Gaeilge i gContae Chill Dara. Bhí scéalta gasta ón bpobal agus scéalta gasta ó thar lear ann freisin. Labhair Daithí de Faoite, faoin gcéad chéim eile agus faoi na deiseanna atá ann don Ghaeilge.
Meitheal Chill Dara focuses on language planning. It began in 2020 following the launch of the language plan in 2019. As part of the planning process in County Kildare, an annual conference on the plan is organised during Seachtain na Gaeilge. In 2022, the Irish language community came together on 05/03/22 and we discussed the opportunities and promotion of the Irish language. Séamus Ó Ceannainn was the MC of Meitheal Chill Dara 2022. Naoise Ó Cearúil, Lord Mayor of Kildare, Daithí de Faoite, Cathaoirleach of Cill Dara le Gaeilge and Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael welcomed the attendees. Beití Ní Dhuibhir, Irish Language Officer spoke to Kildare County Council about Kildare County Council’s Irish Language Scheme, Irish language project opportunities with Creative Ireland and Irish Language Events with Kildare Libraries for Seachtain na Gaeilge
There are reports from the municipal districts every year and the representatives have spoken about the work they are doing. Seán Ó Fearghaíl, Ceann Comhairle was the keynote speaker. We discussed various themes in the mini-workshops, voluntary groups, business and state services, education, opportunities to learn Irish, new opportunities for the community and raising a family with Irish in County Kildare. There were also quick stories from the public and quick stories from abroad. Daithí de Faoite, spoke about the next step and the opportunities for the Irish language.
CLÁR AN LAE - 5 Márta 2022
2.30i.n. – 5.00i.n.
Fáilte
Tuairisc ó Chomhairle Contae Chill Dara
Tuairiscí ó na ceantair bhardasacha
Aoichainteoir
Ceardlanna Sainspéise (ceann amháin le roghnú)
- Grúpaí Deonacha
- Oideachas
- Gnó agus Seirbhísí Stáit
- Tógáil clainne le Gaeilge
- Opportunities to learn Irish / Reconnecting with the Irish Language
- Imeacht ar leith do dhaoine óga
- Deiseanna nua don phobal
PodScéalta Chill Dara
Scéalta gasta ón bpobal – Quick-fire stories from the community
Seachtain na Gaeilge 2022
Scéalta gasta ó thar sáile – Quick Fire stories from overseas
Líonra Oirthear Life
Focail Deireanacha / Meitheal 2023 / Slán Abhaile
Taifead Iomlán – Meitheal Chill Dara 2022
Meitheal Chill Dara 2021
Focail Fáilte ón Aire Catherine Martin agus ón Aire Stáit Jack Chambers
Chuir Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh pobal na Gaeilge sa chontae freastal ar “Meitheal Chill Dara 2021” ar 6 Márta 2021 – d’fhreasatal breis is seasca duine ar an imeacht trí Zoom agus d’éirigh go han-mhaith leis an imeacht.
Cill Dara le Gaeilge welcomed the Irish language community in the county to attend “Meitheal Chill Dara 2021” on 6 March 2021 – over sixty people attended the event through Zoom and the event was a great success.
Agallamh raidió a rinné cathaoirleach Cill Dara le Gaeilge, Daithí de Faoite, faoi Meitheal Chill Dara.
Radio interview by Daithí de Faoite, Cathoirleach CIll Dara le Gaeilge about Meitheal Chill Dara
Meitheal Chill Dara 2020
Tugadh cuireadh do phobal na Gaeilge i gContae Chill Dara freastal ar an gcéad Meitheal Chill Dara, imeacht a eagraíodh ar an 7 Márta 2020 i CLG Nás na Ríogh. Thug Meitheal Chill Dara deis iontach do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga/soláthraí seirbhísí agus d’éinne le spéis acu i ndul chun cinn na Gaeilge, casadh le daoine eile atá ag obair leis an teanga i gContae Chill Dara.
Colm Ó Mongáin a bhí mar fhear an tí ar an lá. Seo taifead de céard a tharla…
The Irish language community in County Kildare were invited to attend the first ever Meitheal Chill Dara, an event organised on 7 March 2020 in Naas GAA. Meitheal Chill Dara gave the Irish language community, language activists/service providers and anyone with an interest in the promotion of Irish a great opportunity to meet with others working with the language in County Kildare.
Colm Ó Mongáin was the master of ceremonies on the day. Here’s a recording of what happened…