Is mian le Cill Dara le Gaeilge a fhógairt go bhfuil Oifigeach Feidhmiúcháin nua ceaptha ag an eagraíocht. Thosaigh Caoilfhionn Ní Scanláin sa ról seo ar an gcéad lá de mhí Lúnasa. Tá Caoilfhionn ag líonadh seal mháithreachais agus tá sí ag obair go lánaimseartha le Cill Dara le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail i gContae Chill Dara. D’fhreastal Caoilfhionn ar Ollscoil Mhá Nuad agus í gníomhach leis an nGaeilge ann, bhí símar bhaill de Cuallacht Cholmchile Bhain sí céim amach sa Nua-Ghaeilge i mbliana. Is as tuaisceart Chill Dara í ó dhúchas agus d’fhreastal sí ar a cuid oideachas uilig trí mhéan na
Gaeilge. Is faoi Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge atá Caoilfhionn fostaithe, maoinithe ag Foras na Gaeilge. Beidh Caoilfhionn ag obair go príomha i gceantar Na Sollán/Nás na Ríogh, ceantar ina bhfuil neart oibre ar bun cheana féin ag Cill Dara le Gaeilge. I measc na gcúraimí a bheidh ar Chaoilfhionn sa ról seo, beidh sí ag obair le grúpaí pobail sa cheantar chun réimse imeachtaí pobail trí mheán na Gaeilge a pleanáil agus a reáchtáil. Beidh ról lárnach aici i bpleanáil agus i bhfeidhmiú phlean teanga Chill Dara le Gaeilge, agus beidh sí ag cur tacaíocht ar fáil do ghrúpaí eile atá páirteach sa phróiseas pleanála. Tá Caoilfhionn ag tacú freisin leis an tionscadal Gnó Chill Dara, agus í ag obair leis an earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa chumarsáid agus mar ghléas margaíochta i soláthar seirbhísí i nGaeilge. Tá Cill Dara le Gaeilge ag súil go n-ainmneofar Nás na Ríogh agus Na Solláin mar líonra, ionas go mbeadh aitheantas oifigiúil ón stát do stádas na Gaeilge sa cheantar seo.
Ráiteas ó Caoilfhionn Ní Scanláin:
“Is mór an onóir dom gur glacadh liom mar chuid den fhoireann. Is deis iontach é seo domsa agus mé ach díreach tar éis céim a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge agus Gnó idirnáisiúnta in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí poist thaitneamhach á lorg agam ina bhféadfainn úsáid iontach a bhaint as mo chéim agus post a fháil in earnáil na Gaeilge. Is as Cill Dara mé ó dhúchas, agus d’fhreastal mé ar mo chuid oideachas uilig trí mheán na Gaeilge. Tá sé an-soiléir dom go n-oibríonn Cill Dara le Gaeilge go díograiseach chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal agus táim lán sásta a bheith mar páirt den fhoireann. Táim sa ról anois ar feadh trí mhí agus tá go leor bainte amach agam go dtí seo, An t-Oireachtas i gCill Áirne, Féile na Sollán, imeachtaí teaghlaigh, scéalaíocht sa leabharlann, an Pop- Up Gaeltacht i Nás na Ríogh, An Club Leabhair agus an ciorcal comhrá gach Céadaoin in Insomnia i Nás na Ríogh. Bhí mé i gceannas freisin ar na himeachtaí Gaeilge ar fad le linn Fhéile na Sollán agus fuair mé go leor taithí ón ócáid spreagúil seo. Deis iontach a bhí ann freisin caidreamh a dhéanamh le muintir na háite agus le go leor daoine eile a bhfuil baint acu leis an eagraíocht. Tacaím leis an tionscadal Gnó Chill Dara, agus mé ag obair leis an earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa chumarsáid agus mar ghléas margaíochta i soláthar seirbhísí i nGaeilge. Bhain mé sult as gach soicind de mo ról mar oifigeach feidhmiúcháin go dtí seo agus tá súil agam gur féidir liom níos mó smaointe nua spraíúla a thabhairt isteach agus a bheith mar páirt lárnach den chomhlacht. Freisin, faoi láthair tá muid i lár camchuairt scoile i gceantar Nás na Ríogh/ na Solláin.”
Agus an ceapachán á fhógairt aige, seo mar a labhair Daithí de Faoite, Cathaoirleach, Cill Dara le Gaeilge:
“Tá an-áthas ar Chill Dara le Gaeilge ceapachán Caoilfhionn Ní Scanláin i ról oifigigh feidhmiúcháin san eagraíocht a fhógairt. Tá foireann Chill Dara le Gaeilge ag dul i méid de réir a chéile agus táimid cinnte go gcuirfidh Caoilfhionn go mór le hobair na heagraíochta. Tá dul chun cinn nach beag déanta ag Cill Dara le Gaeilge le blianta beaga anuas, go háirithe ó ceapadh an chéad fhostaí beagán os cionn dhá bhliain ó shin. Guímid gach rath ar Chaoilfhionn agus táimid ag súil leis an tréimhse thairbhiúil thaithneamhach atá romhainn ag obair i dteannta a chéile.”
D’fhoilsigh Cill Dara le Gaeilge agus Sult na Sollán plean cúig bliana (2019-2023) don Ghaeilge i gContae Chill Dara i Mí Feabhra 2019. Tá an plean ar fáil ar www.cilldaralegaeilge.ie. Seolfar plean seacht mbliana don Ghaeilge i gContae Chill Dara
2024-2030 i rith 2024.