CILL DARA AGUS AN GHAEILGE: DAOINE AGUS DÚCHAS
Eagraíodh cheolchoirm CILL DARA AGUS AN GHAEILGE: DAOINE AGUS DÚCHAS i McAuley Place, Nás na Ríogh, an 13ú Bealtaine ar 8 i.n.
Bhí idir fhilíocht, phrós agus cheol a bhaineann le Cill Dara ó aimsir na mbard i leith á gcur i láthair ag Ciarán Ó Maitiú, arb as Nás na Ríogh dó ó dhúchas, agus a aíonna.
Ba Cill Dara le Gaeilge i gcomhar le Ciarán agus rannpháirtithe eile ó phobail agus réigiúin éagsúla a bhfuil suim acu i saibhreas cultúrtha Chill Dara a chur an cheolchoim seo ar bun. Rinneadh léiriú agus ceiliúradh ar chuid de na seoda litríochta Gaeilge agus dúchais atá nasctha le Cill Dara sa tréimhse 1523-2023.
Tá an togra fréamhaithe go doimhin i gCill Dara ar ndóigh, ach diminsean suaithinseach tras-phobal agus tras-teorainn aige freisin, cinnte. Bhí ceol cláirsí le hAoibheann Devlin le cloisteáil, canadh le Katie O’Flaherty agus scéalta faoi fhilí agus faoi Ghaeilgeoirí cáiliúla an cheantair chlúitigh seo, Oirthear Life. Déaglán Ó Doibhlin, Àdhamh Ó Broin (Alba) agus Frank Reidy a bhí mar aoichainteoirí. Deis a bhí ann don phobal cuid d’oidhreacht Chill Dara a bhlaiseadh ag imeacht dhátheangach a chuirfidh le feasacht chultúrtha phobal Oirthear Life.