Book Launch: Meascra Scéalta ó Chill Dara
MEASCRA SCÉALTA Ó CHILL DARA Á SHEOLADH
Tá leabhar nua, “Meascra Scéalta ó Chill Dara” foilsithe ag Jimmy Kavanagh, Mainistir Eimhín. Seolfar an leabhar i Leabharlann Nás na Ríogh ar an 19 Samhain, 2026 ag 6:30 pm – 8pm agus beidh fáilte roimh chách.
Fuair Jimmy a chuid oideachais i scoil na mBráithre Críostaí i Mainistir Eimhín agus ag scoil Acadamh Iósaf Naofa (De La Salle) i mbaile Chill Dara. Bhain sé céim sa bhunmhúinteoireacht amach i gColáiste Phádraig agus bhí sé ag múineadh i mBaile Átha Cliath sular ceapadh ina chigire é. Bhí sé ag obair mar chigire i mBaile Átha Cliath, sa Mhí, san Iarmhí agus i gCill Mhantáin ar feadh beagnach 30 bliain agus sna blianta sin bhain sé go leor amach sa saol acadúil leis – Ph.D. agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán ina measc. Tá sé cáilithe mar abhcóide freisin.
Is éard atá sa leabhar ná bailiúchán de na hailt a scríobh an t-údar don Irish Times sa cholún “Tuarascáil” thar roinnt blianta. Tá éagsúlacht scéalta ann, lena n-áirítear gnéithe dá shaol ag fás aníos i gCill Dara. Tá aistí ann faoin mbochtaineacht, cúrsaí oideachais, cuimhní cinn ar an bpictiúrlann agus mar bhuachaill altóra i Mainistir Eimhín, fuadach Dr Herrema, pearsana stairiúla a bhfuil baint acu leis an gcontae amhail John Devoy, Dan Donnelly agus Dreoilíní an Churraigh agus go leor eile. Tá a thaithí saoil féin fite fuaite sna scéalta chomh maith. Soilsíonn na léaráidí ealaíonta de chuid Barbara Kavanagh na scéalta uile sa leabhar.
Oibríonn Jimmy go páirtaimseartha mar theagascóir agus comhairleoir do mhic léinn in Institiúid Oideachais Marino, mar scríbhneoir, aistritheoir agus léitheoir profaí.
GLUAIS: meascra – miscellany; cigire – inspector; acadúil – academic; abhcóide – barrister; bochtaineacht – poverty; cuimhní cinn – memories; fuadach – kidnapping; fite fuaite – interwoven;

