Cartlann Nuachta 2022

Nuacht ó 2022

Féile cultúrtha lán d’imeachtaí do dhaoine ar gach aois ar siúl don deireadh seachtaine ar fad sna Solláin, 26 go 28 Lúnasa!

Míle comhgairdeas le Sult na Sollán agus coiste na féile! Go n-éirí go geal libh!

Conchúr Ó Luadhóg ceaptha mar an dara Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge​

Tá dea-scéala ag Cill Dara le Gaeilge, tá Oifigeach Feidhmiúcháin nua ceaptha san eagraíocht. Thosaigh Conchúr Ó Luadhóg sa ról nua i Mí an Mheithimh. Is é Conchúr an dara hoifigeach lánaimseartha atá ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga pobail i gContae Chill Dara. Beidh Conchúr ag obair go lánaimseartha le Cill Dara le Gaeilge don samhradh. Lean an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil.

Cill Dara le Gaeilge announced some good news, a new Executive Officer has been appointed to the organisation. Conchúr Ó Luadhóg joined the new role in June. Conchúr is the second full-time officer working to promote the Irish language as a community language in County Kildare. Conchúr will be working full time with Cill Dara le Gaeilge for the summer. Follow the link below for more information.

Tar ar shiúlóid le Cill Dara le Gaeilge!

Siúlóid ó Aroma Mocha, Nás na Ríogh go dtí Café Grange, na Sollán

Buailfimid ag 12:30 ag Aroma Mocha, Nás na Ríogh,
Sólaistí ar fáil ó Café Grange, Na Solláin
Bus ar fáil le dul ar ais go Nás na Ríogh
Is imeacht trí Ghaeilge é seo
Cláraigh linn Saor in Aisce!
12:30 go 2:30, 06/08/22

#siúlóidlecilldaralegaeilge

Pop Up Gaeltacht Chill Dara

Beidh Pop Up Gaeltacht ag Cill Dara le Gaeilge ag 20:00 ar an 08/07/22 sa Chumann Lúthchleas Gael, Nás na Ríogh.

Bígí linn!

#PUGChillDara

Cill Dara le Gaeilge will host a Pop Up Gaeltacht at 20:00 on 08/07/22 in Naas GAA, Naas. 

Bígí linn!

#PUGChillDara

Tar ar shiúlóid le Cill Dara le Gaeilge!

Tar ar shiúlóid le Cill Dara le Gaeilge! 

Teach Bhaile an Chaisleáin 

Castletown House 

Cill Droichid, Co. Chill Dara, W23 V9h3 

Sólaistí ar fáil ó Castletown Tea Room 

Is imeacht trí Ghaeilge é seo 

Imeacht do theaghlaigh – Family event

Cláraigh linn – Saor in Aisce! 

Register with us – no fee! 

13:00, 18/06/22

Rinne Hellen Doyle Mind Coach Agallamh le Raidió na Gaeltachta

Rinne Helen Doyle Mind Coach agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Labhair sí faoina gnó, a ceangal le Cill Dara le Gaeilge agus an obair a dhéanann sí le daoine.
Helen Doyle Mind Coach was interviewed Raidió na Gaeltachta. She spoke about her business, her connection with Cill Dara le Gaeilge and the work she does with people.

An Ghaeilge Timpeall Orainn

Tá comórtas nua fógartha ag Sult na Sollán do dhaltaí scoile Nás na Ríogh agus Na Sollán. Cruthaigh colláis nó “collage” le grianghraif ó Nás na Ríogh agus/nó Na Solláin a bhfuil Gaeilge orthu. Is féidir leat cur isteach ar an gcómórtas seo leat féin, le do chairde nó le do theaghlach. Duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus do na scoileanna! Gheobhaidh gach scoil sa cheantar cóip de phóstaer an bhuaiteora!

Rialacha an Chomórtais (coinnigh na heilimintí tríd síos):

    • Oscailte do dhaltaí scoile i Nás na Ríogh agus Na Solláin
    • Cinntigh gur grianghraif de Nás na Ríogh nó Na Solláin atá iontu
    • Cinntigh go bhfuil na grianghraif soléite agus geal
    • Íosmhéid 10 ngrianghraif an iarratais
    • Fág spás do lógónna Sult na Sollán, Cill Dara le Gaeilge & Conradh na Gaeilge
    • Cuir an teideal ‘An Ghaeilge Timpeall Orainn’ air
    • Cuir d’ainm agus ainm na scoile leis

Na duaiseanna:

    • An chéad áit: Dearbhán* €100 don dalta/grúpa, Dearbhán** €300 don scoil
    • An dara háit: Dearbhán* €75 don dalta/grúpa, Dearbhán** €150 don scoil
    • An tríú háit: Dearbhán* €50 don dalta/grúpa, Dearbhán** €100 don scoil
      One4All* www.udar.ie**

Spriocdháta:
17:00 ar an 23/05/2022

Lean an nasc thíos le cur isteach ar an gcomórtas. 

Tuilleadh Eolais: eolas@sultnasollan.ie
www.sultnasollan.ie

Sult na Sollán has announced a new competition for naas na Ríogh and Na Sollán schoolchildren. Create a collage or “collage” with photographs from Naas and/or Irish-speaking Sallins. You can apply for this competition on your own, with your friends or family. Great prizes for the winners and schools! Every school in the area will receive a copy of the winner’s poster! 

Competition Rules
(keep elements throughout): 

    • Open to schoolchildren in Naas and Sallins
    • Make sure they are photographs of Naas or Sallins
    • Make sure the photos are easy to read and bright Minimum 10 photos of the application
    • Leave space for sult na Sollán logos, Cill Dara le Gaeilge & Conradh na Gaeilge
    • Put the title ‘An Ghaeilge Timpeall Orainn’
    • Add your name and school name

Prizes:

    • First place: Voucher* €100 for pupil/group, Voucher** €300 for the school
    • Second place: Voucher* €75 for pupil/group, Voucher** €150 for the school
    • Third Place: Voucher* €50 for pupil/group, Voucher** €100 for the school

      One4All* www.udar.ie**

      Deadline:
      17:00 on 23/05/2022

      Please follow the link below to enter the competition. 

      Further Information: eolas@sultnasollan.ie
      www.sultnasollan.ie

Buaiteoirí Chomórtas na bhFuinneog Fógaraithe ag Cill Dara le Gaeilge

 

Rinne Cill Dara le Gaeilge ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge tríd Comórtas na bhFuinneog a reáchtáil do ghnóthaí an cheantair. An sprioc a bhí acu leis an gcomórtas seo ná go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sa cheantar i rith Seachtain na Gaeilge. Bhí an comórtas seo oscailte do gach gnó atá lonnaithe i Nás na Ríogh agus sna Solláin. Mhaisigh na gnóthaí na fuinneoga agus d’úsáid siad frásaí i nGaeilge ar nós “Bíodh lá deas agat” agus “Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh”. Bhí na frásaí i nGaeilge nó dátheangach agus ansin sheol siad grianghraf dá bhfuinneog chuig lucht eagraithe an chomórtais.

Cill Dara le Gaeilge celebrated Seachtain na Gaeilge by running comórtas na bhFuinneog for businesses in the area. Their goal with this competition was to make the Irish language more visible in the area during Seachtain na Gaeilge. This competition was open to all businesses based in Naas and Sallins. The businesses decorated the windows and used phrases in Irish such as “Bíodh lá deas agat” and Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh”. The phrases were in Irish or bilingual and then sent a photo of their window to the competition organisers.


Chuir Cill Dara le Gaeilge duaischiste de €1,000 ar fáil don chomórtas seo. Is iad Barge Trip atá lonnaithe sna Solláin a bhain sa chéad áit agus bronnfar duais de €500 orthu. Tháinig Kbowl atá lonnaithe i Nás na Ríogh sa dara háit agus gheobhaidh siad €300 agus is iad Aroma Mocha atá lonnaithe i Nás na Ríogh a tháinig sa tríú háit agus bronnfar €200 orthu. Déanaimid comhghairdeas ó chroí leo as a mbua. Táimid ag súil go gcuirfidh tuilleadh gnóthaí isteach ar an gcomórtas an bhliain seo chugainn.


Cill Dara le Gaeilge provided a prize fund of €1,000 for this competition. Barge Trip based in Sallins won first place and will be awarded a prize of €500. Kbowl based in Naas came in second place and will receive €300 while Naas-based Aroma Mocha came in third place and will be awarded €200. We sincerely congratulate them on their victory. We expect more businesses to enter the competition next year.