Rachaidh breis agus 40 grúpa Gaeilge ar stailc ar feadh ceithre huaire an chloig inniu mar chuid den fheachtas chun cur ina luí ar Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine réiteach a fháil ar an gconpsóid faoi mhaoiniú eagraíochtaí Gaeilge. Seasann Cill Dara le Gaeilge leo.

Tá an stailc seo á reáchtáil le héileamh ar an dá Rialtas thuaidh agus theas aisiompú a dhéanamh ar na ciorruithe is déanaí de €820,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge tríd an maoiniú cuí a chur ar fáil don Fhoras anois, agus le réiteach fadtéarmach do mhaoiniú na Gaeilge a fhorbairt ar bhonn práinne.
I measc éileamh an fheachtais, tá na grúpaí ag lorg:
● Go nglacfaidh an dá Rialtas leis an múnla nua maoinithe molta ag ag an dá Roinn Airgeadais agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (Meán Fómhair 2024) láithreach bonn agus is gá don munla nua seo a dhóthain croí-mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe Fhoras na Gaeilge;
● Gealltannas ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh aisiompú ar an €820,000 do dheontaithe mar chéad tosaíocht in aon mhaoiniú breise a fhaightear ó na Rialtais;
● Go gcuirfear ar a laghad €20m sa bhreis ar fáil d’Fhoras na Gaeilge mar atá luaite sa Phlean Fáis, Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht aontaithe idir 130 grúpa, agus;
● Gealltanas ó Fhoras na Gaeilge go maoineofar na tionscadail / deontaithe luaite sa Plean Fáis mar thosaíocht d’aon mhaoiniú sa bhreis faighte ón dá Rialtas nó aon Rialtas amháin