Pobal

Tá Gaeilge labhartha ag na mílte daoine i gContae Chill Dara. De réir daonáireamh 2016, dúirt 85426 duine go raibh cumas labhartha acu agus chuir 5293 duine in iúl go mbíonn comhrá i nGaeilge acu ar a laghad uair amháin in aghaidh na seachtaine. Tá clanna i gContae Chill Dara go mbíonn an Ghaeilge mar theanga an tí, tá páistí gurb í an Ghaeilge a dteanga dúchais, bíonn grúpaí Gaeilgeoirí ag bualadh le chéile go rialta sa chontae agus tá fás agus forbairt ag teacht ar na seirbhísí atá ar fáil do lucht na Gaeilge.

Tá ard-spéis sa Ghael-oideachais sa chontae anois. Ó a osclaíodh an chéad Gaelscoil sa chontae i Léim an Bhradáin i 1979, osclaíodh ocht nGaelscoil eile agus dhá Ghael-Choláiste i gContae Chill Dara. Tá an Ghaeilge an-lárnach in Ollscoil Mhaigh Nuad – tá an roinn ollscoile Nua-Ghaeilge is mó sa tír in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le Lárionad na Gaeilge a eagraíonn scrúduithe TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), Oifigeach Gaeilge lánaimseartha, Cuallacht Cholmcille (an cumann mac léinn don Ghaeilge is ársa sa tír) agus lárionad atá tiomnaithe don chultúr Gaelach.

Bíonn ranganna Gaeilge ar fáil ar fud fad an chontae chomh maith le ciorcail comhrá, grúpaí soisialta, Pop-Up Gaeltachtaí, grúpaí teaglaigh, féilte agus go leor imeachtaí eile a chuirtear ar siúl don phobal.

Is é an sprioc atá ag Cill Dara le Gaeilge ná tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí nó gníomhaithe sa chontae atá ag cur imeachtaí nó seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ba mhaith linn gréasán a fhorbairt idir grúpaí éagsúla, scéalta a scaipeadh eadarthu agus go mbeadh pobal na Gaeilge ar an eolas faoi céard atá ar siúl ina gceantair. Ba mhaith linn go mbeadh réimse leathan d’imeachtaí ar fáil trí mheán na Gaeilge agus déanfaimid ár ndícheall grúpaí a mhealladh chun imeachtaí nua a chur ar fáil.